Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/53

From Wikisource
This page has been proofread.

I NDIAIDH AN RÁSA


Tháinig na carranna anall de sciuird i dtreo Átha Cliath agus iad ag gluaiseacht ar aghaidh go caol díreach ar Bhóthar an Náis. Ní thabharfá de shamhail dóibh ach púróga ag rith trí chlais. Bhí an lucht féachana cruinnithe le chéile i mbuilc bheaga ar mhullach an fhánáin ar an Inse Chóir a amhairc ar na carranna agus iad ag scinneadh go ceann scríbe, agus trí chlais seo an ghanntanais agus easpa forbartha, ghluais an Mhór-roinn a saibhreas agus a tionscal. Ó am go chéile, lig na scataí daoine gáir mholta na ndaor buíoch astu. Ba leis na carranna gorma a d’imríodar dáimh áfach - carranna a gcairde, na Francaigh.

Rud eile dhe, ba iad na Francaigh na buaiteoirí, geall leis. Chríochnaigh a bhfoireann siúd go maith; bhaineadar an dara agus an tríú áit amach agus dúradh gur Bheilgeach é tiománaí an chairr Ghearmánaigh a bhuaigh an rása. Cuireadh an dá oiread fáilte roimh gach aon charr gorm agus é ag dul thar mhullach an fhánáin dá bharr, agus iad siúd sa charr, d’fhreagraíodar an gháir mholta le fáthadh an gháire agus le sméideadh cinn. I gceann de na carranna dea-dhéanta seo bhí buíon cheathrar fear óg ar chosúil go raibh a meanma bhuacach ag an tráth sin ag baint bairr ar an Fhrancachas rathúil: déanta na fírinne bhí sceitimíní orthu nach mór. Ba iad an ceathrar a bhí ann, Charles Ségouin, an té ar leis an carr é; André Rivière, leictreoir óg as Ceanada ó dhúchas dó; Ungárach mór millteach darbh ainm Villona agus fear óg pioctha bearrtha darbh ainm Doyle. Bhí deá-ghiúmar ar Séguin mar fuair roinnt ordaithe roimh ré