Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/52

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Bhí an stáisiún dubh le saighdiúirí le málaí donna. Fuair sí spléachadh ar chruth mór dubh na loinge trí dhoirsí leathana na stórtha. Bhí sí druidte i gcoinne na céibhe agus bhí solas ag teacht as na sliosfhuinneoga. Níor thug sí freagra dá laghad. Mothaigh sí mílítheacht agus fuacht a leicinn. D’impigh sí treoir ó Dhia. D’impigh air léiriú a dualgais di. Lig an long fead fhada ochlánach sa cheo. Amárach bheadh sí ar an fharraige le Frank, ag seoladh i dtreo Buenos Aires. Bhí a bpaisinéireacht ceannaithe. An bhféadfadh sí dul ar gcúl i ndiaidh gach a rinne sé ar a son? Chuir an anbhroid masmas uirthi agus chorraigh a béal gan stad ná staonadh le paidir dúthrachtach os íseal. D’airigh torainn an chloig ag bualadh ina cliabh . Mhothaigh sí a lámh siúd ag breith greama ar a lámh-sa:

“Gabh i leith!”

D’oibrigh farraigí uile an domhain thart faoina croí. Bhí seisean dá tarraingt isteach iontu: bháfadh sé í. Thug sí amas faoin ráille iarainn lena dhá lámh.

“Gabh i leith!”

Arú! Arú! Arú! Ba é a sárú é. Bhí greim an duine bháite aici ar an chlaí iarainn. Ó lár na bhfarraigí móra, lig sí scread chráite aisti!

“Eveline! Evy!” Thug sé sciurd thar chlaí na dticéad agus ghlaoigh uirthi a leanúint. Béiceadh air dul ar aghaidh as an bhealach ach choinnigh ag glaoch uirthi. Thug sí a haghaidh mílítheach air. Bhí dreach marbhánta uirthi mar a bheadh ar bheithíoch i sáinn. Ní raibh lorg grá ná beannachta ná aitheantais dá laghad ina súile.