Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/51

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Chuala sí orgán sráide á sheinm i bhfad síos an aibhinne; d'aithin sí an fonn. Nárbh aisteach gur seinneadh an oíche sin é a chur i gcuimhne dhi an gealltanas a thug sí dá máthair: an gealltanais go dtabharfadh sí aire don tigh a fhad is a thiocfadh léi. Ba chuimhin léi an oíche deiridh de liostachas a máthar; bhí sí ar ais arís sa tseomra phlúchta dhorcha ag an taobh eile den halla agus bhí fonn maoithneach na hIodáile le cloisteáil lasmuigh. Tugadh sé phingin don tseinnteoir ceoil agus d’ordaíodh dhó imeacht leis. Ba chuimhin léi a hathair ag siúl de sciotán ar ais isteach sa tseomra a rá:

“Marbhfháisc ar na hIodálaigh sin! Ag teacht anall anseo!’”

Fad is a bhí sí ar a marana, chuir íomhá truamhéalach shaol a máthar, chuir sé faoi gheasa í idir corp agus anam – an saol sin d’íobartaí laethúla a dhruid timpeall ar a máthair gur imigh sí as a meabhair sa deireadh. Ghabh creathán tríthi nuair a chuala sí guth a máthair arís agus í ag síor-rá go baoth-dáigh:

“Derevaun Seraun! Derevaun Seraun!”[1]

Léim sí ina seasamh leis an scanradh a bhuail í. Éalú! Chaithfeadh sí éalú! Ghlacfadh Frank léi. Thabharfadh sé saol di, agus, b’fhéidir, grá chomh maith. Pé ar bith, ba mhian léi bheith sona. Cad chuige an mbeadh sé de dhualgas uirthi bheith míshona? Bhí ceart aici ar shonas. Bhéarfadh Frank ina lámha í agus d’fháiscfeadh dá ucht. D’fhóirfeadh sé uirthi.

Sheas sí i measc an phlód ghiodamaigh sa stáisiún ag an Phort Thuaidh. Rug sé i ngreim láimhe uirthi agus bhí a fhios aici go raibh sé ag caint léi, ag rá rud éigean faoin phaisinéireacht arís agus arís eile.

  1. Tá roinnt tuairimí i measc léitheoirí faoi bhrí an fhocail seo. Áitíonn daoine áirithe gur Gaeilic thruaillithe é agus tugann a léamh féin ar as Anglais. Is é an dá léamh is coitianta, ‘the end of pleasure is pain’ nó ‘the end of a song is raving madness’. Ó tharla nach ndéanann ceann ar bith de na tuairimí seo ciall don aistritheoir seo (deireadh fun/ deireadh foinn ‘sea ruin?), is é a thuairim féin gur brilléis é an focal, tuairim atá sách coitianta.