Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/54

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

gan choinne (bhí sé ar tí gnó gluaisteáin a chur ar siúl sa Pháras) agus bhí dea-ghiúmar ar Rivière mar go ndeanfaí bainisteoir ar an chomhlacht de; bhí an dea-ghiúmar ar an bheirt fhear óg seo (ar chol cheathracha iad) mar gheall ar rath na gcarranna Francacha sa rása freisin. Bhí dea-ghiúmar ar Villona mar go raibh lón an-sásúil aige; agus thairis sin, bhí an soirbheas de mhianach ann. Maidir leis an ceathrú duine den bhuíon áfach, bhí sé faoin oiread cearthaí is nár fhéad bheith fíor-shona.

Bhí sé tuairim is fiche a sé bliain d’aois, bhí croiméal donn éadrom aige agus bhí súile liatha aige a raibh cuma shoineanta go leor orthu. A athair, a thosaigh amach sa tsaol mar Náisiúnach cruthanta, mhaolaigh sé a thuairimí go luath sa saol. Rinne sé a rachmas mar bhúistéir in Kingstown[1] agus bhí a rachmas déanta arís agus arís eile aige as oscailt siopaí in Áth Cliath agus sna bruachbhailte. Bhí sé de rath air cuid de chonartha an Gharda Síochána a bhaint amach agus sa deireadh bhí sé sách saibhir is go ndearnadh tagairt air mar cheannaí láidir sna páipéir nuachta. Chuir sé a mhac go Sacsana le hoideas a fháil i gcoláiste Caitliceach mór le rá agus chuir ar Dublin Universityii é ina dhiadh sin chun dul le dlí. Ní raibh Jimmy ró-dhúthrachtach i mbun staidéir agus d’imigh le drabhlás ar feadh seala. Bhí airgead aige agus bhí neart cairde aige; agus roinn sé a chuid ama go corr idir aicme an cheoil agus aicme na gluaisteánaíochta. Cuireadh go Cambridge é ar feadh téarma ansin a bhlaiseadh beagáin den tsaol. Agus a athair ag casaoid faoin dul thar fóir ach mórtasach as ina chroí istigh, d’íoc na billí

  1. Dún Laoghaire an t-ainm atá ar an bhaile beag cois cósta anois. Athraíodh a ainm i 1921, bliain roimh neamhspleáchas oifigiúil Phoblacht na hÉireann. Baisteadh Kingstown air céad bliain roimhe sin in onóir chuairt George IV, Rí an Ríocht Aontaithe (tá trácht air siúd sa scéal Lá an Eidhneáin i Seomra an Choiste).