Luí sé ar gach siolla den fhocal agus ansin d’ól go sollúnta.
“Is cuimhním liom léamh,” a dúirt Mr Cunningham, “gur faoi aireagán an ghrianghraif é ceann de dhánta an Phápa Leo – as Laidin, ar ndóigh.”
“Faoin ghrianghraf!” ar Mr Kernan agus iontas ina ghlór.
“’Sé,” ar Mr Cunningham.
D’ól seisean óna ghloine chomh maith.
“Más ea, muise,” a dúirt Mr M’Coy, “nach iontach an grianghraf nuair a smaoinímid air?”
“Ó, gan dabht,” a dúirt Mr Power, “tá léargas glinn ag smaointeoirí móra.”
“Mar a deir an file: tá an intleacht mhóir agus an mearadh ag bordáil ar a chéile,”[1] a dúirt Mr Fogarty.
Chuaigh Mr Kernan ar a mharana, shílfeá. Chuardaigh a chuimhne ar an teagasc Protastúnach ar chúpla pointe íogair agus sa deireadh thug aghaidh ceiste ar Mr Cunningham.
“Inis dom, Martin,” ar sé. “An fíor nach raibh roinnt de na pápaí – ní an fear atá againn anois ná an fear a tháinig roimhe, ach roinnt de na pápaí – go hiomlán... an bhfuil ‘fhios agat... sách inniúil?”
Thit an seomra faoi chiúnas. Dúirt Mr Cunningham:
“Ó, ar ndóigh, bhí corr-scraiste ina measc... Ach is díol iontais seo. Oiread agus duine amháin orthu, pé dhíobh an meisceoir ba bháite san ólachán, ná an... bligeard ba mheasa, níor thug focal bréagach teagaisc ex cathedra. Anois nach iontas sin?”
“’Sé, go deimhin,” ar Mr Kernan.
“’Sé, mar nuair a labhraíos an Pápa
- ↑ an intleacht mhóir agus an mearadh ... : ‘Great wits are sure to madness near allied, (And thin partitions do their bounds divide)- John Dryden (1631-1700) Absalom and Achitophel, cuid 1. línte 163-164.’