Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/217

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

ar an duine ba éirimiúla ar fad. Ba é a mhana, an bhfuil ‘fhios agat, mar Phápa, Lux ar Lux – Solas ar Sholus.”

“Arú, níorbh é, a dúirt Mr Fogarty le beocht. Sílim go bhfuil dul amú ort ansin. Lux in Tenebris, measaim, Solas sa Dorchadas, a bhí ann.”

“Ó ‘sé,” a dúirt Mr M’Coy, ‘Tenebrae.’

“I gcead daoibh,” ar Mr Cunningham go húdarásach, “Lux ar Lux ab é. Agus Pius IX, an Pápa a chuaigh roimhe, ba é a mhana Crux ar Crux – is é sin, Cros ar Chrois – rud a léiríos an difríocht idir an dá phontaifeacht.”[1]

“Glacadh leis an tátal. Choinnigh Mr Cunningham air.

“File agus fear léinn ab ea an Pápa Leo, ‘bhfuil ‘fhios agaibh.”

“Is snoite daingean an aghaidh a bhí air,” ar Mr Kernan.

“Sea, a dúirt Mr Cunningham. “Scríobh sé filíocht as Laidin.”

“An mar sin é?” a dúirt Mr Fogarty.

Bhlais Mr M’Coy a uisce beatha go sona sásta agus chroith a cheann ar dhá chúis, go ndúirt:

“Ní bréag ná magadh sin, féadaim rá libh.”

“Níor fhoghlaimíomar sin, Tom,” a dúirt Mr Power, ag leanúint sampla Mr M’Coy dó, “agus sinn ar scoil an phingin-sa-tseachtain dúinn.”[2]

“Is iomaí fear maith a chuaigh ar scoil phingin-sa-tseachtain agus fód móna ina bhaclainn aige,” ar Mr Kernan go ceartaiseach. “An seanchóras an córas ab fhearr: gnáth-oideachas ionraic. Gan gliogairnéis na linne seo.”

“An ceart ar fad agat,” ar Mr Power.

“Ní raibh barraíocht ar bith ag baint leis,” a dúirt Mr Fogarty.

  1. Lux ar Lux...Tenebrae: Raiméis. An Fógartach amháin a dúirt go beacht é: Lux in Tenebris. Is leathfhocal as Eoin 1:5 é. Deir an sagart sliocht as leabhar Eoin san Aifreann as Laidin. Díol suime, foilsíodh scigdhráma darb ainm Lux in Tenebris le Bertold Brecht timpeall 1919. Ó thaobh Tenebrae de, tá deasghnáth creidimh le linn Sheachtain na Páise tógtha in ainriocht Eoin 1:5 ag an Aodhach. Seo véarsaí 1-5 as Eoin 1:
    (aistriúchán Laidine Biblia Sacra juxta Vulgate 1887): (aistriúchán Ghaeilge Uilliam Uí Domhnuill den Tiomna Nua 1602):
    1. In principio erat Verbum, et Verbum erat apud Deum, et Deus erat Verbum. In sa tosach do bhí an Bhriathar, agus do bhí an Bhriathar i bhfochair Dé, agus dob é Día an Bhríathar.
    2. Hoc erat in principio apud Deum. Do bhí seo ar tús i bhfochair Dé.
    3. Omnia per ipsum facta sunt, et sine ipso factum est nihil quod factum est. Leisean atáid na huile nithe déanta; agus gan é níl aon ní déanta, dá ndearnadh.
    4. In ipso vita erat, et vita erat lux hominum. Ann san do bhí beatha; agus dob í an bheatha solas na ndaoine.
    5. Et lux in tenebris lucet, et tenebræ eam non comprehenderunt Agus shoilsighidh an solas sin in sa dorchadas; agus níor ghabh an dorchadas chuige é
  2. scoil phingin-sa-tseachtain: Bunscoil poiblí sa Ríocht Aontaithe. Rith an Bhanríon Victoria reacht i 1880 a rinne oideachas ina riachtanas dlí do ghasúir idir 5 bliana agus 10 mbliana d’aois, idir chailíní agus bhuachaillí. Chuir an reacht seo an céad-bhunoideachas poiblí ar siúl ar fud na Ríochta Aontaithe, ina d’íoc an Stáit as na táillí, cé is moite de phingin in aghaidh na seachtaine. An méad sin féin, níor gearradh ar na boicht é. Chomh maith le scoileanna bardais nua a cuireadh ar bun, íocadh as scoileanna a rith oird creidimh ar nós scoileanna na mBráithre Críostaí. Tugadh leasainmneacha éagsúla ar na bunscoileanna seo: British school, ragged school agus, ar ndóigh, penny-a-week school