Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/216

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

sa chathaoir mar b’éigean dó cloí le driogairí agus le grúdairí den dara grád mar gheal ar laghad a mhaoine. D’oscail sé siopa beag ar Bhóthar Ghlas Naíon le súil go dtarraingeodh a dhea-bhéas fabhar na mban tí. Bhí maorgacht áirithe faoin dóigh a d’iompar sé é féin. Mhol sé gasúir óga agus d'fhuaimnigh a chuid focal go soiléir galánta.

Tháinig le bronntanas – leathphionta uisce beatha faoi leith. Bheannaigh Mr Kernan, leag a fhéirín ar an tábla gur shuigh síos i measc na bhfear ar chomhchéim leo. Bhí Mr Kernan buíoch den tabhartas, go háirithe ó chuimhnigh go raibh íoc beag earraí ag Mr Fogarty air. Dúirt:

“Nár laga Dia thú, a sheanchomrádaí. Oscail sin, Jack, le do thoil.”

Thug Mr Powar cúram an óstaigh ar féin arís. Glanadh gloiní agus dáileadh chúig fhuisce bheag amach. Chuir an tionchar nua seo beocht sa chomhrá. Bhí suim ar leith ag Mr Fogarty ann, a shuí ar phaiste bheag dá chathaoir.

“An Pápa Leo XIII,” a dúirt Mr Cunningham, “bhí sé ar dhuine de shoilsitheoirí na haoise. An smaoineamh mór a bhí aige, an bhfuil a fhios agaibh, aontú na hEaglaise Laidine agus na hEaglaise Gréagaí.[1] Ba é sin aidhm agus cuspóir a shaoil.”

“Chualas go minic go raibh sé ar dhuine de na fir ba éirimiúla san Eoraip,” a dúirt Mr Power. “Is é sin, le cois a bheith ina Phápa dhó.”

“Bhí, leis,” ar Mr Cunningham, “mura raibh

  1. aontú na hEaglaise Laidine agus ... Gréagaí: mhol an Pápa Leo XIII iarrachtaí athmhuintearais a dhéanamh leis na heaglaisí Críostaí eile agus chothaigh sé caidreamh taidhleoireachta leo.