Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/219

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

ex cathedra,” a mhínigh Mr Fogarty, “bíonn gan locht.”[1]

“Bíonn,” a dúirt Mr Cunningham.”

“Ó, tuigim go mbíonn an ceart ag an Phápa i gcónaí. Is cuimhin liom go rabhas níos óige ansin... nó an é sin é - ?

Chuir Mr Fogarty isteach ar an chaint. Thóg an bhuidéal gur dháil tuilleadh fuisce ar na fir. Iar dtabhairt faoi deara do Mr M’Coy nach raibh dóthain fuisce ann, d’áitigh nach raibh a chéad-deoch críochnaithe aige. Ghlac na fir eile lena eiteach faoi dheireadh. Rinne an t-uisce beatha ceol bog ag titim sna gloiní dó. Ba thaitneamhach an eadarlúid í.

“Céard a bhí á rá agat, Tom?” a d’fhiafraigh Mr M’Coy

“Do-earráid an Phápa,” a dúirt Mr Cunningham, “is é sin an dráma ba mhó i stair na hEaglaise ar fad.”

“Conas sin, Martin?” a cheistigh Mr Power.

D’ardaigh Mr Cunningham dhá mhéar san aer.

“I gcoláiste naofa, ‘bhfuil ‘fhios agat, na gcairdinéal agus na n-ardeaspag agus na n-easpag, bhí beirt fhear a sheas an fód ina aghaidh agus gach uile dhuine eile ag tabhairt lán a dtacaíochta dhó. Bhí an Comhthionól trí chéile ar aon ghuth seachas an bheirt seo. Arú! Ní ghlacfaidís leis!”

“Ha!” ar Mr M’Coy.

“Agus an bheirt siúd, Gearmánach darb ainm Dolling... nó Dowling ... nó -”

“Níor Ghearmánach Dowling,[2] agus tig leat bheith suite dhe sin,” a dúirt Mr Power de gháire.

Well, an Cairdinéal mór Gearmánach seo, pé ar bith ainm dó, ba dhuine dhíobh é; agus ba é an duine eile, John MacHale.”

  1. ex cathedra... gan locht: ex cathedra- ón chathaoir. Is é sin, nuair a thugas an Pápa teagasc Críostaí (is comhartha teagaisc í cathaoir an teagascóra). Agus é ag labhairt ex cathedra, bíonn an Pápa gan locht. Papel Infallibility is ea an Anglais ar sin. Rinneadh reacht Do-earráidé an Phápa i 1870.
  2. Níor Ghearmánach Dowling: Johann von Döllinger (1799-1890) a bhí i gceist ag Cunningham, ní foláir. Ba Ghearmánach eisean. Chuir sé in aghaidh fhoirceadal Do-earráid an Phápa agus díbríodh ón eaglais é. Níor chairdinéal é, mar atá tugtha le fios ag Mr Cunningham, ach sagart Caitliceach agus ansin diagaire ag Ollscoil Munich.