“Fir mhaithe iad uile,” a dúirt Mr Cunningham, “gach aon fhear ina dhóigh féin. Tá meas ar chléir na hÉireann ar fud an domhain.”
“Tá, cinnte,” ar Mr Power.
“Ní hionann is cuid den tsagartacht ar an Mhór-roinn,” a dúirt Mr M’Coy, “nach fiú a n-ainm í.”
“B’fhéidir go bhfuil an ceart agat,” ar Kernan, ag géilleadh dhó.
“Cinnte tá an ceart agam,” ar Mr Cunningham. “nílim ar an tsaol seo a fhad seo ama is an chuid is mó taobhanna dhe feicthe agam, gan léargas a fháil ar nádúr daoine.”
D’ól na fir uaisle arís, gach duine ag aithris ar a chéile. Shílfeá go raibh Mr Kernan ag cur an scéil trí chéile ina intinn. Chuaigh sé i cion air. Bhí an-mheas aige ar Mr Cunningham mar mheastóir duine agus mar léitheoir dreach. D’iarr sonraí an chúrsa.
“Ó, níl ann ach cúrsa spioradálta, an bhfuil a fhios agat,” ar Mr Cunningham. “An tAthair Purdon[1] atá ag freastal air. Cúrsa d’fhir gnó, an bhfuil ‘fhios agat.”
“Ní bheidh sé ró-dhian orainn, Tom,” a dúirt Mr Power go háititheach.
“Father Purdon? Father Purdon?” a cheistigh an t-othair.
“Ó, ní mó ná tá aithne agat air, Tom,” a dúirt Mr Cunningham go teanntásach. “Fear breá aerach! Fear dár nós féin, fear a thuigeas an saol.”
“Á, ... sea. Sílim go bhfuil aithne agam air. Sách dearg-ghnúiseach; ard.”
“Sin an fear.”
- ↑ Purdon: sloinne Angla-Albanach. Ó Fhraincis na Normannach - ‘prudhomme’ (preux/prode + homme i. Réiteoir aighneas ceirde). Bhí sráid darbh ainm Purdon Street in Áth Cliath nuair a scríobhadh an gearrscéal seo, agus bhí cáil uirthi mar ionad meirdreachais.