ach chuir cluas éisteachta air féin go ciúin naimhdeach, fad is a bhí a chairde ag plé na nÍosánach.
“Ní holc liom na hÍosánaigh,” a dúirt, ag cur a ladair sa chomhrá faoi dheireadh dhó. “Is ord oilte iad. Measaim go bhfuil dea-intinn acu freisin.”
“An t-ord is uaisle san Eaglais, Tom,” a dúirt Mr Cunningham le fiuchadh foinn. “Seasann Ginearál na nÍosánach taobh leis an Phápa.”
“Níl aon agó faoi,” a dúirt Mr M’Coy, “má theastaíonn uait go ndéanfar rud i gceart agus gan chúinsí, iarair ar Íosánach é. Sin iad na boic a bhfuil cumhacht acu. Tabharfad sampla dhuit...”
“Dream maith fear na hÍosánaigh,” a dúirt Mr Power.
“Díol suime,” a dúirt Mr Cunningham, “faoin Ord Íosánach. Gach aon ord eile den Eaglais, b’éigean a leasú ar uair amháin nó ar uair eile ach níor leasaíodh an t-Ord Íosánach riamh. Níor imigh sé ón bhealach cheart riamh.”
“An mar sin é?” a d’fhiosraigh Mr M’Coy.
“Sé,” ar Mr Cunningham. “Sin stair daoibh.”
“Féachaí a n-eaglais, chomh maith,” a dúirt Mr Power. “Féachaí an pobal acu.”
“Freastalaíd na hÍosánaigh ar an uasaicme,” a dúirt Mr M’Coy.
“Freastalaíonn, cinnte,” ar Mr Power.
“Sé,” ar Mr Kernan, “Sin an fáth a bhfuil bá agam leo. Ní hionann is roinnt den ghnáthchléir,[1] na sagairt mhaolaigeantacha thuathánacha -”
- ↑ Gnáthcléir: is é sin, na sagairt nach mbaineann le hord manachúil