Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/211

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“Ní hé, ní hé,” a dúirt Mr Cunningham de ghlór seachantach, “níl i gceist ach scéal beag... spioradálta.”

“Ó,” ar Mr Kernan.

Tháinig tost eile ar an tseomra.

“Chun na fírinne a rá leat, Tom, táimid ag dul ar chúrsa spioradálta.”

“Sé, sin é,” a dúirt Mr Cunningham, “Mise agus Jack agus M’Coy anseo, gabhfaimid a íoc na téiléireachta ar son ar n-anama.

Labhair an meafar le fuinneamh éigin teanntásach agus, iar bhfáil misnigh ina ghlór féin, lean air:

“Is í an chaoi ina bhfuil sé, tá sé chomh maith againn uile admháil gur scata dearg-rógairí sinn, gach aon dínn. Gach aon dínn, a deirim,” a chuir sé go dorrga muinteartha mar aguisín gur thug a aghaidh ar Mr Power. “Admhaigh é anois!”

“Ní shéanaim é,” ar Mr Power.

“Agus admhaímse é,” ar Mr M’Coy.

“Mar gheall air sin, tá sé beartaithe againn an téiléireacht a íoc le chéile,” a dúirt Mr Cunningham.

Shílfeá gur bhuail smaoineamh é. Thug aghaidh ar an othar agus dúirt:

“An bhfeadraís dom, Tom, céard a thit i m’intinn anois beag? Dá dtagtá in éineacht linn beadh cor ceathrair againn.”

“Maith an smaoineamh,” a dúirt Mr Power. “An ceathrar dínn le chéile.”

Níor lig Mr Kernan focal as. Ba bheag draíocht ag an chuireadh air ach, mar ba léir dó go raibh fórsaí spioradálta ar tí chur suime ann, mheas gurbh oircheas dó a chaoinfhulaingt ar son a dhínite. Níor ghlac páirt sa chomhrá ar feadh tréimhse fada