Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/210

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“Ó, cúl mo láimhe dhuitse!” a dúirt Mrs Kernan go géar.

Ghlaoigh a fear ina diaidh:

“Dada don fhear céile big boicht!”

Chuir seisean strainc chomh háiféiseach air féin agus labhair de ghlór chomh meacanach gur lean gáire agus spraoi de dháileadh na mbuidéal.

D’ól na fir uaisle dá ngloinní, leagadar a ngloiní ar an bhord arís agus thost an comhrá. Ansin thug Mr Cunningham aghaidh chomhrá ar Mr Power agus d'fhiafraigh go neamhchúiseach dhe:

“Oíche Déardaoin a dúrais, Jack.”

“Déardaoin, ‘sea,” ar Mr Power.

“Ceart go leor!” ar Mr Cunningham ar an toirt.

“Tig linn teacht le chéile i dtigh McAuley,” a dúirt Mr M’Coy. “Sin an áit ba chaoithiúla.”

“Ach dul ann in am,” a dúirt Mr Power agus é dáiríre, “mar is cinnte go mbeidh sé dubh le daoine.”

“D’fhéadfaimis bualadh le chéile ag leathuair tar éis a seacht,” ar Mr M’Coy.

“Tá go maith!” ar Mr Cunningham.

“Leathuair i ndiaidh a seacht i dtigh McAuley mar sin!”

Lean tost gairid de sin. D’fhan Mr Kernan ar fhios rún a chairde. Ansin cheistigh:

“Céard atá ar siúl?”

“Ó, faic,” ar Mr Cunningham. “Níl ann ach rud beag atá á eagrú againn don Déardaoin seo chugainn.”

“An ceoldráma, an é?” ar Mr Kernan.