Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/209

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

D’eachtraigh an scéal le geáitsí móra.

“Ag am dinnéir, an dtuigir. Bíonn babhla ábhalmhór cabáiste ar an tábla roimhe le spúnóig mhór mhillteach mar shluasaid. Tógann scaob mhór cabáiste ar an spúnóig go gcaitheann trasna an tseomra agus ní mór do na hainniseoirí rugadh uirthi ar a bpláta: 65, beir ar do chabáiste.”

Rinne gach duine gáire arís eile: ach bhí pas beag oilc ar Mr Kernan fós. Labhair sé faoi litir a scríobh chun na bpáipéar.

“Tagann na bodaigh seo aniar anseo,” ar sé, “measaid go bhfuil cead barrastóireachta acu ar dhaoine. Ní gá a rá leat, Martin, an cleas daoine atá iontu.”

D’aontaigh Mr Cunningham leis ar choinníoll.

“Dála gach ruda eile sa tsaol seo,” ar sé. “Bíonn roinnt droch-cheann agus roinnt ceann maith ann.”

“Ó, cinnte, tá cuid díobh go maith, admhaím é,” ar Mr Kernan agus suaimhneas curtha ann.

“Is binn béal ina thost leo,” a dúirt Mr M’Coy. “Sin é mo bharúil!”

Tháinig Mrs Kernan sa tseomra agus, ar leagadh tráidire ar an tábla dhi, dúirt:

“Tarraingí oraibh, a fheara uaisle.”

Sheas Mr Power suas a dháileadh na mbuidéal agus a thairgeadh a chathaoireach dhi. Níor ghlac sí léi, ag rá dhi go raibh iarnáil le déanamh aici thíos staighre agus, iar sméideadh a cinn le Mr Cunningham di ar chúl cheann Mr Power, thug aghaidh ar an doras. Ghlaoigh a fear céile ina diaidh:

“Agus nach bhfuil aon rud agat domsa, a stóir?”