Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/208

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

do Mrs M’Coy a chur ar a cumas freastal ar a coinní bréagacha faoin tuath. Ghoill sé air ní amháin gur chuaigh sé chun tosaigh air, ach gur tháir an cleas é. D’fhreagair an cheist mar sin, faoi mar go mba é Mr Kernan a chuir í.

Chuir an comhrá olc ar Mr Kernan. Níor lig sé a dhúchas iasachta i ndearmad, theastaigh uaidh cur faoi sa chathair ar théarmaí nár ísligh é féin, ná a chomh-shaoránaigh ach oiread agus níor fhulaing tarcaisne dá laghad uathu siúd ar chuir sé dundarláin na tuaithe orthu.

“An le haghaidh seo a íocaimid cáin?” a cheistigh sé. “Le haghaidh na mbastún cábógach seo a bheathú agus a ghléasadh... agus sin a bhfuil iontu.”

Rinne Mr Cunningham gáire. Ba oifigeach an Chaisleáin eisean le linn a uaireanta oibre agus le linn na n-uaireanta sin amháin.

“Conas a bheadh a mhalairt iontu, Tom?” ar sé.

Chuir glór na tuaithe air féin go ndúirt go húdarásach:

“65, beir ar do chabáiste!”

Rinne gach aon duine gáire. Lig Mr M’Coy, a bhí ag iarraidh dul taobh istigh den chomhrá ar ais nó ar éigin, lig air féin nár chuala an scéal riamh.

“Is éard atá ar siúl – nó sin a deirtear, an bhfuil ‘fhios agat – sa bheairic. Tagann leaideanna móra anásta na tuaithe, amadáin, ‘bhfuil ‘fhios agat, a dhruileáil. Cuireann an sáirsint ina seasamh i gcoinne an bhalla iad agus a bplátaí in airde acusan.