nach raibh léamh ná scríobh aige agus mheasadar gur dhíoltas Dé a óinmhid de mhac. Ar uairibh eile chuimhníodar ar a shuáilcí.
“Ní fheadar cár imigh sé,” a dúirt Mr Kernan.
Ba mhian leis smúit a choinneáil ar shonraí na heachtra. Ba mhaith leis go gceapadh a chairde go raibh earráid éigean ann, nár chas seisean agus Mr Harford ar a chéile sa deireadh. D’fhan a chairde ina dtost, óir bhí aithne mhaith acu ar dhúil Mr Harford san ól. Dúirt Mr Power arís:
“Molaimis a dheireadh.”
Tharraing Mr Kernan athrach scéil air láithreach.
Sin fear lách, diúlach an leighis,” ar sé. “Murach eisean -”
Ó, murach eisean,” a dúirt Mr Power, “seans go mbeadh breith seacht lá i gceist, gan cead dul saor ar fhíneáil.”
“Sea, sea,” ar Mr Kernan agus é ag streachailt lena chuimhne. “Is cuimhin liom anois go raibh póilín ann. Stócach cóir, shílfeá. Cén chaoi ar tharla sé ar chur ar bith?”
“Tharla go rabhais caoch ar meisce, Tom,” a dúirt Mr Cunningham go tromchúiseach.
“Níl séanadh air,” a dúirt Mr Kernan go chomh tromchúiseach céanna.
“Is dóigh liom gur réitís é leis an phóilín, Jack,” a dúirt Mr M’Coy.
Níor thaitin úsáid a ainm baiste le Mr Power. Ní raibh sé ceartaiseach, ach mhair an chuimhne aige i gcónaí ar chrosáid Mr M’Coy chun fháil mhálaí taistil agus portmantaí