Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/214

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“Agus abair liom, Martin... An seanmóirí maith é?”

“M'ainm... Ní seanmóir a bheas ann go baileach, ‘bhfuil fhios agat. Níl i gceist ach caint mhuinteartha ‘bhfuil ‘fhios agat, ar stíl chiallmhar.”

Chuaigh Mr Kernan ar a mharana. Dúirt Mr M’Coy:

“An t-Athair Tom Burke, ba é sin an buachaill!”

“Ó, Father Tom Burke,” ar Mr Cunningham, “ba fhíor-óráidí eisean. Ar chualais riamh, Tom?”

“Ar chualas!” a dúirt an t-othar go círíneach. “Is mise a chuala! Cinnte...”

“Agus deir daoine nár dhiagaire maith é,” a dúirt Mr Cunningham.

“An mar sin é?” a dúirt Mr M’Coy.

“Ó, ar ndóigh, ní hé nach raibh sé de mhianach ann, ‘bhfuil ‘fhios agat. Ach scaití, a deirid, níor ghabh seanmóir dar thug sé go hiomlán leis an ortadacs – níor ghabh leis an cheartchreideamh ó thús go deireadh.

“Á!... ba thogh fir é,” a dúirt Mr M’Coy.

“Chualas é uair amháin,” a lean Mr Kernan. “Ní chuimhin liom ábhar a hóráide anois. Bhí mise agus Crofton ar chúl an... loig, an bhfuil a fhios agat... sa - ”

“Sa mheánlann,” ar Mr Cunningham.

“’Sé, sa cheann thiar den tséipéul, gar don doras. Ní mé anois céard faoi a bhí sé... ó, ‘sé, faoin Phápa, faoin iar-Phápa. Dar m’uacht bhí sí ar fheabhas, a chuid óráidíochta. Agus a ghlór! Dar Dia! Nach aigesean a bhí glór. Cime na Vatacáine, a chuir sé air. Is cuimhin liom go ndúirt Crofton liom iar n-imeacht dhúinn -”