i nDumhach Thrá i mbaclainn fir soilbhir biata, a bhí gléasta go pointeáilte i gcasóg eireabaill agus i mbrístí labhandair agus a bhí hata síoda crochta go grástúil faoina láimh eile. Ba mhór an taitneamh an chuimhne dhi. I ndiaidh trí seachtaine, bhí braon de shaol na mná pósta agus níos déanaí, nuair a bhí sí nach mór curtha thar a fulaingt leis, d’éirigh ina máthair clainne. Níorbh fál go haer uirthi páirt na máthar agus rinne bainisteoireacht chríonna tí ar feadh chúig bliana fichid dá fear. Cuireadh críoch ar a beirt mhac tosacha. Bhí duine dhíobh ag obair i siopa éadaitheora i nGlaschu agus ba chléireach ag cheannaitheoir tae i mBéal Feirste an mac eile. Ba mhic mhaithe iad beirt. Scríobhadar chuici go minic agus uaireanta sheoladar airgead anall. Bhí na gasúir eile fós ar scoil.
Sheol Mr Kernan litir chuig a oifig agus d’fhan ina luí. Réitigh sise súram mairtfheola dhó agus thug leadhbairt mhaith dá teanga dhó. D’fhulaing a phótaireacht mhinic go foighneach mar a d’fhulaing an bháisteach nó an ghaoth, thug chun bisigh é nuair a bhí sé breoite agus rinne a dícheall chur bricfeasta ann. Bhí fir chéile níos measa ná é sa tsaol. Níor bhuail sé riamh í ó d’fhás na buachaillí suas agus thuig sí go siúlfadh sé go barr Shráid Thomáis agus ar ais arís chun oiread is margadh beag a dhéanamh.
Tháinig a chairde ar chuairt oíche chuige dhá lá ina dhiaidh sin. Thug sí suas chun a sheomra iad. Bhí boladh a cholainne ann. Thug sí cathaoireacha cois na tine dhóibh. Chuir Mr Kernan guaim ar a theanga, ar chuir pian nimhneach inti ar uairibh, chuir cantal air i rith an lae. Shuí sé suas sa leaba i