Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/203

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

gcoinne na n-adhairteanna. Ba chosúil le cnámhóga leathbheo é an dearg ar éigean ar a phluca ramhra. Ghabh sé a leithscéal lena chairde faoi anord an tseomra, ach thug súil orthu a raibh blas an uabhair inti mar sin féin. Ba é uabhar an tseanfhondúra é.

Ní raibh tuairim dá laghad aige go raibh uisce faoi thalamh i dteacht a chairde. Do nocht Mr Cunnigham, Mr M’Coy agus Mr Power[1] an chomhcheilg do Mrs Kernan sa pharlús. Ba é Mr Power a smaoinigh ar an rún ach ligeadh do Mr Cunningham barr feabhais a chur air. Ba de shliocht Protastúnach Mr Kernan agus, cé gur tiontaíodh chun an Chreidimh Caitlicigh é ag am a phósta, ní raibh faoi thearmann na hEaglaise le fiche bliain anuas. Lena chois sin, bhí sé de nós aige ligean chorrfhocal fonóide faoin Chaitliceachas.

Ba é Mr Cunningham an fear ceart agus cuí do chás mar seo. Bhí sé níos sine ná Mr Power. Ní raibh gach rud sona sa bhaile aige féin. Bhí an-trua ag daoine air mar bhí a fhios acu gur phós sé bean gan náire a bhí báite san ólachán. Chuaigh sé i gceann tí léi sé huaire; agus chuir sise an troscán i ngeall gach aon uair.

Bhí meas ag gach aon duine ar Martin Cunningham bocht. Ba fhear stuama é amach is amach. Fear ceannasach éirimiúil. Bhí a thuiscint ar an duine daonna ina ghliceas aige fearacht lainne ar cuireadh faobhar uirthi le fad-thaithí chásanna cúirteanna agus a chuaigh i gcruacht le tumtha gairide in uiscí na fealsúnachta ginearálta. Bhí cur amach maith aige. Ghéill a chairde dá thuairimí agus

  1. Mr Cunnigham, Mr M’Coy agus Mr Power: Messrs Mac Coinneagáin, Mac Aodha agus De Paor. Is é is dóichí gur roghnaigh Joyce na sloinnte seo mar imeartas focail as Anglais (cunning, coy agus power) agus nach bhfuil brí ar leith lena leaganacha Gaeilice.