Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/201

From Wikisource
This page has been proofread.

“Bhíomar ag fanacht ar a theacht abhaile leis an airgead. Shílfeá nach bhfuil baile ar bith aige.”

“Ó, anois, Mrs Kernan, cuirfimid ar bhealach a leasa é. Labród le Martin. Sin an buachaill. Tiocfaimid anseo oíche éigean dá phlé.”

Thionlaic sí chuig an doras é. Bhí an tiománaí cairr ag spágáil suas síos an cosán agus é ag luascadh na lámh d’fhonn a théimh.

“Ba dheas duit a thabhairt abhaile,” ar sí.

“Ná habair é,” ar Mr Power.

Dhreap isteach sa charr. Chuir lámh ina a hata go haerach agus an carr ag imeacht leis.

“Déanfaimid fear nua dhe,” a dúirt sé. “Oíche mhaith, Mrs Kernan.”

_______________________________


Bhreathnaigh Mrs Kernan go mearbhlach ar an charr go raibh sé imithe as radhairc. Ansin d’fhill ar an tigh agus d’fholmhaigh pócaí a fir céile.

Ba bhean ghníomhach, tíosach scothaosta í. Rinne ceiliúradh ar chúig bliana fichead a pósta agus rinne ath-chumann lena fear le gairid – dhamhsaigh válsa leis agus Mr Power á dtionlacan. Ba ghalánta go leor léi Mr Kernan nuair a bhí sé ag suirí léi: agus ritheadh sí go doras an tséipéil am ar bith a fuair amach faoi bhainis agus, ar bhfeiceáil na lánúine dhi, chuimhnigh ar an lá a shiúl sí féin amach Séipéal Réalt na Mara