“Ní shamhlóinn a leithéid leat, Mrs Kearney,” a dúirt Mr Holohan. “Níor shamhlaíos riamh go gcaithfeá linn mar sin.”
“Agus cén chaoi a chaithis liomsa?” a cheistigh Mr Kearney.
Bhí sí dearg le fearg agus bhí an chuma uirthi go ngabhfadh sí dá lámha ar dhuine.
“Táim ag iarraidh mo chirt,” ar sí.
“Shílfeá go mbeadh náire ionat,” a dúirt Mr Holohan.
“Shílfeá, muis?... Agus nuair a iarraim cathain a íocfar m’iníon ní fhaighim freagra béasach.
Chaith sí a ceann agus chuir guth sotalach uirthi féin:
“Caithfir labhairt leis an rúnaí. Ní bhaineann sé liomsa. Is boc mór mise fol-the-diddle-I-do.
“Shíleas gur bhean uasal thú,” a dúirt Mr Holohan agus d’imigh go grod uaithi.
Ina dhiaidh sin ba tháir le cách iompar Mrs Kearney: mheas gach aon duine go ndearna an Coiste an rud ceart. Sheas sí sa doras agus í le ceangal, ag aighneas lena fear céile agus lena hiníon is ag oibriú a lámh leo. D’fhan go raibh sé in am tosú ar an dara leath go dtagadh duine de na rúnaithe chuici. Ach dheonaigh Miss Healy sheinm tionlacain nó dhó. B’éigean do Mrs Kearney fhágáil an bhealaigh don bharatón agus dá thionlacaí agus iadsan ag dul chuig an n-ardán. D’fhan sí ina seasamh ar feadh nóiméid mar a bheadh dealbh fheargach cloiche inti agus,