a aithris. Dúirt Mrs Kearney gur náireach an chaoi a chaith an Coiste léi. Ní dhearna sí dhá leath dá dícheall ná den chostas, agus seo a raibh de bhuíochas uirthi.
Shíleadar nach raibh plé acu ach le cailín agus, mar sin, go bhféadaidís a cur faoina gcosa. Ach mhúinfeadh sise a mbotún dóibh. Ní leomhfaidís caitheamh léi mar sin dá mba fear í. Ach sheasfadh sise ceart a hiníne dhi: ní dhéanfaí óinseach di. Mura n-íocaidís don phingin deiridh í chuirfeadh sí gáir amach orthu in Áth Cliath. Ar ndóigh ba thrua léi an toradh a bheadh aige sin ar na artistes. Ach cérbh é an dara rogha aici? D’iarr sí a bharúil ar an teanór déach agus dúirt seisean gur mheas nár caitheamh go maith léi. Ansin d’iarr sí a barúil ar Miss Healy. Ba mhaith le Miss Healy dul i leith an ghrúpa eile ach ní raibh sé de dhánacht a dhéanamh mar bhí an-mhór le Kathleen agus thug na Kearneys cuireadh dhi chun a dtí go minic.
Chomh luath is a bhí an chéad-chuid críochnaithe ghabh Mr Fitzpatrick agus Mr Holohan ionsar Mrs Kearney agus dúradar go n-íocfaí an cheithre ghuine eile tar éis chruinniú an Choiste an Mháirt ina dhiaidh sin agus, dá mba rud é nár sheinn a hiníon sa dara chuid, mheasfadh an Coiste go raibh an conradh briste agus ní íocfadh faic.
“Ní fhaca mé Coiste ar bith,” a dúirt Mr Kearney go colgach. “Tá a conradh ag m’iníon. Gheobhaidh sí cheithre phunt is ocht scillinge ina láimh nó cos ní chuirfidh ar an ardán sin.”