Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/190

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

galántachta lena hamhránaíocht, chuir. Shílfeá gur fritheadh í i sean-chófra feistis stáitse agus rinne lucht na suíochán saor fonóid faoina nótaí géara olagónacha. Cuireadh na gártha molta roimh an phríomhtheanór agus roimh an chontraltó áfach. Sheinn Kathleen teaglaim fonn Éireannach a ndearnadh bualadh bos mór orthu. Cuireadh críoch leis an chéad-chuid le haithris náisiúnach ghríosaitheach le bean óg a d’eagraigh drámaí amaitéaracha. Bhí an bualadh bos a tugadh dhi tuillte aici agus, nuair a chríochnaigh, chuaigh na fir amach go sásta le haghaidh dheoch idirchéime.

I gcaitheamh an ama seo bhí suaitheadh ar bun sa tseomra feistis. I gcúinne amháin bhí Mr Holohan, Miss Beirne, beirt de na stíobharid, an t-amhránaí baratóin, an t-amhránaí dordghutha agus Mr O’Madden Burke. Dúirt Mr O’Madden Burke go mba scannal é. Bhí deireadh le gairm cheoil Miss Katherine Kearney in Áth Cliath as sin amach, a deir sé. Iaradh tuairim an bharatóin faoi iompar Mhissus Kearney. Níor mhaith leis focal a rá. Do íocadh a phá dhó agus ba mhaith leis síocháin idir é féin agus an saol mór. Mar sin féin, shílfeá go gcuimhníodh Mrs Kearney ar na ceoltóirí eile, a deir sé. Deinneadar na stíobhaird agus na rúnaithe cur is cúiteamh faoi céard a dhéanfaidís nuair a thiocfadh an sos idirchéime.

“Aontaím le Miss Beirne,” a dúirt Mr O’Madden Burke. “Ná híoctar dada léi.”

I gcúinne eile den tseomra bhí Mrs Kearney agus a fear, Mr Bell, Miss Healy agus an bhean óg a raibh uirthi an dán náisiúnach