Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/189

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

uirthi labhair Miss Healy leis an amhránaí dordghutha:

“An bhfacais Mrs Pat Campbell[1] an tseachtain seo?”

Dúirt an dordghuth nár fhaca í ach gur dúradh leis go raibh sí go han-mhaith. Níor leanadh níos faide leis an chomhrá. Chrom an príomh-theanór a cheann agus thosaigh ag ríomh na lúb den tslabhra óir ar a rosta, fáthadh an gháire air agus é ag crónán nótaí seachránacha d’fhonn a n-aireachtáil i gcuas a shróine. Chaith gach uile dhuine súil ar Mrs Kearney anois is arís.

D’ardaigh torann an halla ina fhothram ceart faoin am a tháinig Mr Fitzpatrick isteach sa tseomra de sciotán le Mr Holohan ina dhiaidh agus saothar anála air. Chualathas feadaíl mar aon leis an bhualadh bos is cos. Bhí cúpla nótaí bainc ina láimh ag Mr Fitzpatrick. Chomhair sé amach cheithre cinn i láimh Mrs Kearney agus dúirt go bhfaigheadh sí an leath eile ag an am idirchéime. Dúirt Mrs Kearney:

“Tá cheithre scillinge in easnamh.”

Ach chruinnigh Kathleen a gúna agus dúirt: “Anois, Mr Bell,” le dul amach don chéad phíosa ceoil. Bhí seisean ar aon bharr amháin creatha. Chuaigh an t-amhránaí agus an tionlacaí amach le chéile. Chuaigh an torann sa halla i léig. In ndiaidh chúpla soicind, chualathas an pianó.

D’éirigh go maith leis an gcéad-chuid den cheolchoirm, seachas amhrán Madam Glynn. Ghabh an bhean bhocht Killarney i nguth cneadach gan anam, agus gach gothaíocht agus iontonú seanchaite dar mheas sí cur

  1. Ban-aisteoir stáitse Shacsanach mhór le rá (w:en:Mrs Patrick Campbell).