Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/186

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

a híoc. Dúirt Mr Holohan nár bhain sé sin leis.

“Conas nach mbaineann sé leat?” a cheistigh Bean Uasal Uí Chearnaigh. “Nach tusa a thug an conradh dhi? Ar aon nós, mura bhaineann sé leatsa baineann liomsa agus teastaíonn a réiteach uaim.”

“Ba chóir duit labhairt le Mr Fitzpatrick,” a dúirt Mr Holohan go dúnárasach.

“Níl pioc eolais agam ar Mr Fitzpatrick,” a dúirt Mr Kearney an athuair. “Tá mo chonradh agam, agus tabharfad do m’aire go gcomhlíonfar é.

Nuair a d’fhill sí ar an tseomra feistithe bhí oiread na fríde de dheirge ina grua. Bhí spleodar sa chuideachta. Bhí seilbh an teallaigh gafa ag beirt fhear i gcótaí móra agus bhíodar ag caint go teanntásach le Miss Healy agus amhránaí an dordghutha. Fear an Freeman[1] agus Mr O’Madden Burke ab iad. Tháinig fear an Freeman isteach a rá nach bhféadfadh fanacht don cheolchoirm mar go gcaithfeadh déanamh tuairisce ar léacht a bheadh sagart Meiriceánach ag tabhairt i dTigh an Ardmhéara. Dúirt leo fágáil cuntais ar an oíche leis in oifig an Freeman go gcinntíodh seisean a fhoilsiú. Ba fhear liath le glór síodúil agus le béasaíocht cháiréiseach é. Bhí todóg mhúchta i leathláimh aige agus bhí cumhrán thoit todóige ina thimpeall. Ní raibh rún aige déanamh moille ar bith mar ba leamh liosta leis ceolchoirmeacha agus oirfidigh ach d’fhan sé ina sheasamh i gcoinne an mhatail. Sheas Miss Healy faoina bhráid agus í ag caint is ag gáire. Bhí sé sách sean chun shamhlú cúise amháin lena cúirtéiseacht ach bhí sách óg

  1. Freeman: Freeman's Journal. Páipéar nuachta a bhunaigh beirt pholaiteoirí náisiúnacha Protastúnacha i 1763. Cheannaigh nuachtán eile, The Irish Independant é i 1924. Tá neart tagart don chlann agus don nuachtán sa chnuasach scéalta seo le Joyce (féach an fonóta i Lá an Eidhneáin i Seomra an Choiste nó i Grásta mar shampla).