Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/185

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Chuaigh sé thar a hacmhainn ar Miss Healy choinneáil cúil ar a meangadh gáire. Shiúl Mr Holohan go bacach isteach sa tseomra feistithe ag an phointe sin agus cheistigh an bheirt bhan óg cérbh í an bhean anaithnid. Madam Glynn as Londain ar sé. Sheas Madam Glynn i gcúinne den tseomra, greim stalctha aici ar a leabhrán ceoil agus d’fhéach thall nó abhus go scaollmhar ó am go ham. Bhain scáth an chúinne de thréigeadh gorm a gúna ach lonnaigh go díoltasach ar an chuasán os cionn a dealracháin. Méadaigh torann an halla. Tháinig an teanór géar agus an guth doird le chéile ar an bhall. Bhíodar beirt pointeáilte, beathaithe agus bogásach agus chuireadar blas galántachta leis an chomhluadar.

Thug Missus Kearney a hiníon anonn ina láthair, agus labhair go cairdiúil leo. Theastaigh uaithi éirigh mór leo ach, cé go raibh sí ag iarraidh bheith béasach, lean a súile Mr Holohan ar a chúrsaí cama. D’fhág sí ceiliúradh leo agus d’imigh ar a shála siúd ar an chéad-deis.

“Mr Holohan, táim ag iarraidh labhartha leat ar feadh nóiméid,” ar sí. Ghabhadar síos an pasáiste go háit ar leithligh. Cheistigh Missus Kearney de cathain a íocfaí a hiníon. Dúirt Mr Holohan go raibh sé sin faoi chúram Mr Fitzpatrick. Dúirt Mrs Kearney nach raibh aithne ná eolas aici ar Mr Fitzpatrick. Do chuir a hiníon a hainm le conradh ar ocht nguine agus chaithfí