Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/187

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

ina aigne chun bhaint sochair as an ócáid. Thaitin teocht, cumhra agus dealramh a coirp lena chéadfaí. Thuig sé le sult gur mar gheall airsean a d’éirigh agus d’ísligh an ucht ina thug sé suntas agus gur chomhartha ómóis dó é an gáire, an chumhracht agus na súilfhéachana tnúthánacha. Nuair nach bhféadfadh fanacht nóiméad ar bith eile, d’fhág slán aici go haiféalach.

“Scríobhfaidh O’Madden Burke an fógra,” a mhínigh do Mr Holohan, “agus cuirfeadsa isteach é.”

“Go raibh míle maith agat, Mr Hendrick,” a dúirt Mr Holohan, “cuirfir isteach é, táim cinnte dhe. Anois, nach mbeidh rud beag éigin agat sula n-imí tú?”

“Ní miste liom,” ar Mr Hendrick.

Chuaigh an bheirt fhear trí roinnt pasáistí achrannacha agus suas staighre sa dorchadas gur thángadar ar sheomra ciúin ina raibh duine de na maoir ag baint na gcorc as na buidéil do bhaicle daoine uaisle. Duine de na daoine uaisle, Mr O’Madden Burke,[1] d’aimsigh an seomra as a stuaim féin. Fear aosta síodúil ab é a lig scíth a thoirte móire ar a scáth báistí mór síoda. Ba scáth morálta aige a shloinne mórfhoclach Gaedhealach a chuir sé mar thaca faoi fhadhb íogair a ghustail. Bhí meas mór air.

Fad is a bhí Mr Holohan ag coinneáil comhrá le fear an Freeman bhí Mrs Kearney ag labhairt go chomh corraitheach sin gurb éigean dá fear céile iarradh uirthi ísliú a glóir. Bhí sí ag cur isteach ar chomhrá na ndaoine eile sa tseomra feistithe. Sheas Mr Bell, an céad-duine le dul amach ar an stáitse,

  1. O’Madden Burke: Ó Mhaidín de Búrg (i. mada/madra beag den cheantar). Má bhain an leasainm le taoiseach éigin mór le rá tráth dá raibh, níl mórán uaisleachta ag baint leis an leasainm féin!