Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/130

From Wikisource
This page has been proofread.

Maria gáire arís gur dhruid barr a sróine le barr a smige agus gur chroith a corp beag bídeach mar thuig sí gur le dea-mhéin a rinne Mooney sin, ach, ar ndóigh, bhí meon bhean an daoscair aici.

Ach nach Maria a bhí sásta nuair a bhí a dtae caite ag na mná agus nuair a thosaigh an cócaire agus an óinseach ag glanadh na mbord! Chuaigh sí isteach ina seomra beag agus, ar chuimhneamh dhi gur mhaidin Aifrinn í an mhaidin arna mhárach, bhog lámh an aláraim óna seacht a chlog gona sé a chlog. Ansin bhain a sciorta oibre agus bróga tí dhi gur leath an sciorta ab fhearr aici ar an leaba agus leag a bróga galánta faoi bhun na leapan. D’athraigh a blús freisin agus, ar sheasamh os comhair an scátháin di, bhreathnaigh go ceanúil ar an chorp beag bídeach a ghléas sí go mion minic. In ainneoin na mblianta mheas gur chorp deas slachtmhar í.

Nuair a chuaigh sí amach bhí na sráideanna ag glioscarnach le báisteach agus bhí sí buíoch dá seanchóta donn báistí. Bhí an tram lán agus níor mhór di suí ar an stól beag ag bun an charráiste, sa chaoi gur thug a haghaidhe ar na daoine go léir, agus bhí a cosa ag teagmháil ar éigean leis an urlár. Shocraigh sí ina haigne féin na rudaí a dhéanfadh sí agus mheabhraigh gurbh fhearr go mór é bheith neamhspleách agus t’airgead féin i do phóca agat. Bhí súil aici go mbeadh oíche shuairc acu. Bhí sí cinnte dhe go mbeadh ach ach níor thig léi cur as a ceann nach raibh Alphy