Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/131

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

agus Joe ag labhairt lena chéile. Bhíodar ag titim amach de shíor lena chéile anois ach nuair a bhíodar ina mbuachaillí bhíodar an-mhór lena chéile: ach sin mar a ghabhas an saol.

Thuirling sí den tram ag an Cholún gur shnigh chun cinn go gasta tríd an tslua. Chuaigh isteach i siopa cáca Downes ach bhí an siopa chomh lán le daoine gurbh fhada gur freastalaíodh uirthi. Cheannaigh dosaen cístí éagsúla aon phingine, agus d’fhág an siopa faoi dheireadh faoi ualach mála móir. Ansin mhachnaigh ar céard eile a cheannódh: ba mhaith léi ceannach rud éigean gleoite. Ní mó ná go mbeadh neart úll agus cnónna acu. Níor léir di céard ba chóir di ceannach, agus cáca an t-aon rud a rith léi. Cáca rísíní a thogair sí ar a cheannach ach ní bhíodh dóthain reoán almóinne ar cháca rísíní siopa Downes agus chuaigh anonn go siopa ar Shráid Énrí dá dheasca. Chaith go leor ama ag dóbartaíl agus d’fhiafraigh an bhean óg ghalánta laistiar den chuntar, ar léir gur chuir Máire isteach uirthi, d’fhiafraigh dhi ar cháca bainise ar mhian léi ceannach. Las grua Maria leis sin agus rinne sí meangadh gáire leis an bhean óg; ach d’fhan cuma stuama uirthi siúd, agus ghearr sí canta tiubh den cháca rísíní faoi dheireadh is faoi dheoidh, d’fhill clúdach páipéir air agus dúirt:

“Dhá scilling agus ceithre pingine más é do thoil é.”

Shíl sí go gcaithfeadh fanacht ina seasamh ar an tram go Droim Conrach óir shílfeá nár thug na fir óga faoi deara í ach rinne seanfhear uasal áit di. Ba fhear coimpléascach é agus bhí hata crua donn á chaitheamh aige; bhí aghaidh leathan