Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/129

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

bhí a plandaí aici sa tigh gloine agus thaitin sé léi tabhairt aire dhóibh. Bhí raithneach dheas aici agus céir-phlandaí agus, nuair a thagadh duine ar bith ar cuairt chuici, thugadh sí slapar nó dhó ón ghrianán dó. An t-aon rud nár thaitin léi, na sleachta as an Bhíobhla a léití ag ceann spríce na siúlóidí; ach ba an-deas go deo í an bhean tíos le caitheamh léi, bhí dóigh chomh galánta aici.

Nuair a dúirt an cócaire léi go raibh gach aon ní réidh chuaigh sí isteach i seomra na mban gur thosaigh ag tarraingt an chloig mhóir. I gceann cúpla nóiméad thosaigh na mná ag teacht isteach ina mbeirteanna agus ina dtriúir agus iad ag cuimilt a lámh galach lena gcótaí beaga agus ag tarraingt a muinchillí anuas ar a rítheacha dearga galacha. Shuíodar chun boird faoi chomhair a mugaí móra ar líon an óinseach le tae te iad, é measctha le bainne agus le siúcra i gceaintíní ollmhóra cheanna féin. Rinne Maria maoirseacht ar dháileadh an bhairín breac cinntiú go bhfaigheadh gach bean a ceithre chanta. Insíodh go leor scéalta grinn agus rinneadh neart gáire le linn an bhéile. Dúirt Lizzie Fleming go raibh an fháinne i ndán do Maria agus, in ainneoin a liacht Oíche Shamhna eile a dúirt Fleming sin, b’éigean do Maria dhéanamh gáire agus rá nach raibh fear ná fáinne uaithi; agus nuair a rinne sí gáire lonraigh a súile breacghlasa agus breacliatha le cotadh díomách agus ba bheag nár bhuail barr a sróine le bar a smige. Ansin d’ardaigh Ginger Mooney a muga tae agus mhol sláinte Maria a ól fad is a bhuail na mná eile a muga ar an tábla, agus dúirt sí gur trua nach raibh pórtar ann. Agus rinne