Leabhar Sgeulaigheachta/Cailleach na Fiacla Fada agus an Mac Rígh

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Leabhar Sgeulaigheachta by Dubhghlas de hÍde
Cailleach na Fiacla Fada agus an Mac Rígh
[ 144 ]

CAILLEACH NA FIACLA FADA AGUS AN MAC RÍĠ.

Ḃí ríġ i g-Connaċt a ḃfad ó ṡoin. Ḃí sé bliaḋain agus fiċe pósta gan aon duine cloinne do ḃeiṫ ag an mbainrioġain, agus ṡaoil se naċ mbeiḋeaḋ aon oiḋre aige. Ḃí sé siúḃal amaċ aon lá aṁáin, nuair ṫáinig fairrge ṁór uisge timċioll air. Ni raiḃ ḟios aige creud do ḋeunfaḋ sé, nuair ṫáinig cailleaċ ċuige, agus duḃairt, “Cad tá tu ag iarraiḋ?” “Sliġe éigin a ḃéarfas amaċ as an áit seó mé,” ar san ríġ. “Béarfaiḋ mise amaċ ṫu,” ar san ċailleaċ, “má ṫugann tu ḋam do ṁac is sine.” “N ’l aon ṁac agam,” ar san ríġ, “tá mé bliaḋain agus fiċe pósta, agus ní cosṁúil go mbéiḋ aon oiḋre agam anois.” “Taḃair d’ḟocal dam go dtiuḃraiḋ tu ḋam do ċeud ṁac nuair a ḃéiḋ sé bliaḋain agus fíċe d’aois,” ar san ċailleaċ. “Ḃeirim m’ḟocal duit,” ar san ríġ.

Annsin do ṫarraing an ċailleaċ meuracán amaċ, agus rinne bád dé. Ċuaiḋ sí [ 145 ]féin agus an ríġ asteaċ ’sa’ mbád, agus ṫarraing an ċailleaċ dá ḟiacail amaċ agus rinne maidiḋ ráṁa ḋíoḃ. D’oibriġ si iad í féin, agus níor ḃfada go dtug sí an ríġ tar an uisge. D’imṫiġ an ríġ aḃaile líonta d’iongantas.

Níor ḃfada go raiḃ mac óg ag an mbain rioġain. D’ḟás an mac ríġ suas ’nna ḟear lúṫṁar láidir, go raiḃ sé bliaḋain agus fiċe d’aois. Ṫáinig brón mór air an ríġ, mar ḃí ḟios aige go dtiucfaḋ an ċailleaċ ag tóruiġeaċt an ṁic óig. Ċuaiḋ sé ċum an ċócaire, agus ṫug ceud púnt dí, ag ráḋ léiṫe go raiḃ cailleaċ na fiacla fada ag teaċt ag tóruiġeaċt an oiḋre óig, agus go dtiúḃraḋ sé ḋí mac an ċócaire i n-áit a ṁic féin. Ann sin ċuaiḋ se ċum cailliġe na g- cearc agus ṫug ceud eile ḋí-se, agus duḃairt léiṫe mar duḃairt se leis an g-cócaire.

Air maidin, lá air na ṁáraċ ṫáinig cail- leaċ na fiacla fada ċum caisleáin an ríġ, agus ṫarraing sí an cuaile-corraic. Ṫáinig an riġ amaċ agus dubairt sí leis, “Cuir amaċ do ṁac, tá se bliaḋain agus fiċe d’aois.” Ċuir sé amaċ mac an ċócaire ċuici. Rug sí léiṫe é go dtáinig sí ċum guirt ṁóir ġlais. Annsin duḃairt sí leis, [ 146 ]“Creud tá do ṁáṫair a’ deunaṁ ’sa’ m-baile anois?” “Tá sí ag gleus dínéir do’n riġ,” ar san fear óg. “Ní tu an mac ríġ,” ar san ċailleaċ. Ann sin ḃuail sí buille slai- tín-draoiġeaċta air, agus rinne cloċ ṁór dé. Ann sin ṫainig sí air ais ċum caisleáin an ríġ, ṫarraing sí an cuaile corraic agus duḃairt leis an ríġ, “Cuir amaċ do ṁac ċugam no leagfaiḋ mé an caisleán ort.” Do ċuir an ríġ amaċ mac cailliġe-na-g- cearc ċuici. Rug sí léite é go dtáinig sí ċum an ġuirt ġlais. Ann sin duḃairt sí leis, “Creud tá do ṁáṫair ag deunaṁ ’sa’ mbaile anois?” Tá sí a’ faire na g-cearc,” ar san fear óg. “Ní tusa an fear ceart” ar san ċailleaċ. Ṫug sí buille de’n tslaitín draoiġeaċta ḋo agus rinne cloċ dé. Ann sin ṫáinig sí ċum caisleáin an ríġ. Ṫarraing an cuaile-corraic agus duḃairt leis an ríġ, “Muna g-cuirfiḋ tu do ṁac amaċ ċugam an t-am so leagfaiḋ mé an caisleán ort. Ḃí faitċios air an ríġ agus ċuir sé amaċ a ṁac féin ċuici. Rug sí léiṫe é ċum an ġuirt ġlais agus d’ḟiafruiġ ḋé creud do ḃí a ṁáṫair a’ deunaṁ ’sa’ mbaile. “Tá sí ag caoineaḋ,” ar san mac ríġ. “Is tu an fear ceart,” ar san ċailleaċ. Ann sin ṫug sí [ 147 ]buille de’n tslaitín draoiġeaċta ḋó agus rinne seaḃac dé. Rinne sí seaḃac eile ḋí féin agus ṫug an mac ríġ léiṫe ċum oileáin.

Ḃí teaċ breáġ aici air an oileán agus duḃairt sí leis, “Tá aon niḋ agam duit le deunaṁ agus má ġníḋ tu é béiḋ m’inġean agad, agus muna dtig leat an obair a ḋeunaṁ caillfiḋ tu do ċeann.

Air maidin, lá air na ṁáraċ, duḃairt an ċailleaċ leis, ċaill me biorán annsan stábla dá-ḟiċid bliaḋain ó ṡoin, téiḋ agus fáġ ḋam é.” Ċuaiḋ sé ċum an stábla agus ṫoisiġ sé ’gá ġlanaḋ. Ní raiḃ sé ag cur greim’ amaċ naċ raiḃ a ḋá oiread ag teaċt asteaċ. Ṫug sé an obair suas, agus ṡuiḋ sé síos brónaċ go leór. Ṫáinig inġean na cailliġe ċuige, agus d’ḟiafruiġ ḋé creud do ḃí air. D’innis sé ḋí, agus ann sin ṫarraing sí píce amaċ agus le casaḋ do láiṁe ḃí an stábla glan. Ann sin ṫug sí an biorán dó agus duḃairt, “Ná h-innis dom’ ṁáṫair go ndearna me an níḋ seó ḋuit.” Ḃí cailleaċ na fiacla fada as an mbaile, aċt nuair ṫáinig sí air ais ’san traṫnóna ṫug an mac ríġ an biorán dí. “Go deiṁin is maiṫ an buaċaill ṫu,” ar san ċailleaċ [ 148 ]téiḋ ċum an stábla agus luiḋ air ṗonnann anaice leis an láir ḋuinn.” Níor ḃ’ḟada go dtáinig inġean na cailliġe ċuige, agus duḃairt, “Is olc an leabuiḋ tá agad.” “Ní’l áraċ (neart) air,” ar san mac ríġ. “Tá go deiṁin,” ar san cailín. Ann sin ċuaiḋ sí do’n láir ḋuinn, agus ṫarraing leabuiḋ breáġ cluiṁ as a cluais, agus ṡocruiġ sí do’n ṁaċ ríġ é. Ann sin ṫug sí ḋó mairt-ḟeóil, caoir-ḟeóil, agus fíon, agus duḃairt leis “bí súgaċ.” D’iṫ sé agus d’ól sé a sáiṫ. D’imṫiġeadar go teaċ an ríġ. Ḃí fáilte ṁór ag an ríġ roiṁ a ṁac. An lá air n-a ṁáraċ ṗós mac an ríġ inġean na cailliġe. Ḃí bainḟeis aca air feaḋ seaċt n-oiḋċe agus seaċt la.