Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/161

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

147

buille de’n tslaitín draoiġeaċta ḋó agus rinne seaḃac dé. Rinne sí seaḃac eile ḋí féin agus ṫug an mac ríġ léiṫe ċum oileáin.

Ḃí teaċ breáġ aici air an oileán agus duḃairt sí leis, “Tá aon niḋ agam duit le deunaṁ agus má ġníḋ tu é béiḋ m’inġean agad, agus muna dtig leat an obair a ḋeunaṁ caillfiḋ tu do ċeann.

Air maidin, lá air na ṁáraċ, duḃairt an ċailleaċ leis, ċaill me biorán annsan stábla dá-ḟiċid bliaḋain ó ṡoin, téiḋ agus fáġ ḋam é.” Ċuaiḋ sé ċum an stábla agus ṫoisiġ sé ’gá ġlanaḋ. Ní raiḃ sé ag cur greim’ amaċ naċ raiḃ a ḋá oiread ag teaċt asteaċ. Ṫug sé an obair suas, agus ṡuiḋ sé síos brónaċ go leór. Ṫáinig inġean na cailliġe ċuige, agus d’ḟiafruiġ ḋé creud do ḃí air. D’innis sé ḋí, agus ann sin ṫarraing sí píce amaċ agus le casaḋ do láiṁe ḃí an stábla glan. Ann sin ṫug sí an biorán dó agus duḃairt, “Ná h-innis dom’ ṁáṫair go ndearna me an níḋ seó ḋuit.” Ḃí cailleaċ na fiacla fada as an mbaile, aċt nuair ṫáinig sí air ais ’san traṫnóna ṫug an mac ríġ an biorán dí. “Go deiṁin is maiṫ an buaċaill ṫu,” ar san ċailleaċ