Page:Leabharsgeulaigh00hyde.djvu/159

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

145

féin agus an ríġ asteaċ ’sa’ mbád, agus ṫarraing an ċailleaċ dá ḟiacail amaċ agus rinne maidiḋ ráṁa ḋíoḃ. D’oibriġ si iad í féin, agus níor ḃfada go dtug sí an ríġ tar an uisge. D’imṫiġ an ríġ aḃaile líonta d’iongantas.

Níor ḃfada go raiḃ mac óg ag an mbain rioġain. D’ḟás an mac ríġ suas ’nna ḟear lúṫṁar láidir, go raiḃ sé bliaḋain agus fiċe d’aois. Ṫáinig brón mór air an ríġ, mar ḃí ḟios aige go dtiucfaḋ an ċailleaċ ag tóruiġeaċt an ṁic óig. Ċuaiḋ sé ċum an ċócaire, agus ṫug ceud púnt dí, ag ráḋ léiṫe go raiḃ cailleaċ na fiacla fada ag teaċt ag tóruiġeaċt an oiḋre óig, agus go dtiúḃraḋ sé ḋí mac an ċócaire i n-áit a ṁic féin. Ann sin ċuaiḋ se ċum cailliġe na g- cearc agus ṫug ceud eile ḋí-se, agus duḃairt léiṫe mar duḃairt se leis an g-cócaire.

Air maidin, lá air na ṁáraċ ṫáinig cail- leaċ na fiacla fada ċum caisleáin an ríġ, agus ṫarraing sí an cuaile-corraic. Ṫáinig an riġ amaċ agus dubairt sí leis, “Cuir amaċ do ṁac, tá se bliaḋain agus fiċe d’aois.” Ċuir sé amaċ mac an ċócaire ċuici. Rug sí léiṫe é go dtáinig sí ċum guirt ṁóir ġlais. Annsin duḃairt sí leis,