Jimín Mháire Thaidhg/7

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Jimín Mháire Thaidhg by Pádraig Ó Siochfhradha
MAR BRISEAḊ CLEAṀNAS ṖEATS TEAIMÍ
[ 48 ]

Caibidiol VII

MAR BRISEAḊ CLEAṀNAS ṖEATS TEAIMÍ

Táim le fada ag faire ar Nell Ṁáire Aindí agus ar Ṫaḋg Óg. Go dtí coigṫíos ó ṡin ḃíoḋ an ḃeirt aca sa ḃóiṫrín gaċ aon tráṫnóna. Is mó tamall a ṫugas ag faire orṫa. A leiṫéid de ċogarnaiġ is a ḃíoḋ aca, a ḋuine! D’éaluiġeas-sa taoḃ ṫiar de’n ċlaiḋe oiḋċe ag éisteċt leo féaċaint cad a ḃí ar siuḃal aca. Ní raḃadar buiḋeaċ dá ċéile. Is aṁlaiḋ a ḃí sí sin ag taḃairt greadaḋ ḋo i dtaoḃ go raiḃ sé ag rinnce le cailín ó Ḃaile na hAḃann. Ṫug Taḋg na seaċt leaḃair déag ná raiḃ aon tor’ aige ar an gcailín ó Ḃaile na hAḃann ná ar aon ċailín dá rugaḋ riaṁ aċ uirṫi féin. N’ḟeadar ar ċreid sí é, nó nár ċreid. Is dóċa nár ċreid mar nuair ṫug sé iarraċt ar í ṗógaḋ ḃuail sí claḃta baise sa leaṫċeann air. Is minic a ḃídís mar sin sa ḃóiṫrín.

Tráṫnóna tiompall coigṫíse ó ṡin ṫáinig Máire Aindí isteaċ go dtí mo ṁáṫair agus ḃíodar ag cogarnaiġ agus ṫuigeas go raiḃ scéal mór éigin ar siuḃal aca. Ċuireas-sa mo ċuid leaḃar ar ċeann an ḃúird le hais leo ċun ḃeiṫ ag foġluim mo ċuid ceaċt, mar a ḋéanfaḋ buaċaill maiṫ, aċ duḃairt Mam liom dul d’iarraiḋ gaḃál móna. Nuair a ḃí sé sin istiġ agam ċuir sí amaċ mé d’iarraiḋ uisce. Ṫugas liom an t-uisce, agus annsan duḃairt sí liom dul ar lorg na ngéanna. Ḃí ḟios agam-sa go maiṫ cad ċuige a ḃí sí am’ ċur amaċ, aċ dá ḟeaḃas í, fuaireas amaċ cad do ḃí ar siuḃal aca. D’éaluiġeas isteaċ trí ḟuinneóig an tseomra agus ḃíos ag éisteaċt ag poll na heoċraċ. Máire Aindí a ḃí ag cainnt.

[ 49 ]“N’ḟeadar-sa cad é an saoġal atá anois ann ná deineann an dream atá suas mar do ḋein a muinntir rómpa—a ḃeiṫ sásta leis an té a ġeoḃaḋ a n-aṫair nó a máṫair dóiḃ.”

“Tá aṫarú tagaiṫe ar an saoġal ó ḃíos-sa is tusa óg agus ní hé an meón céadna atá age daoine,” arsa Mam. “B’ḟéidir go ḃfuil an ceart ag an gcailín. Mara ḃfuil sí sásta é siúd do ṗósaḋ, b’ḟéidir naċ ceart duit-se iaċall a ċur uirṫi é ḋéanaṁ.”

“Cumá ná beaḋ sí sásta leis?” arsa Máire. “Ná fuil díol aon ċailín d’ḟear ann? Agus cad é an táċt má tá blianta beaga aoise aige uirṫi? Naċ fearr é ná an glaigín gan éifeaċt san go ḃfuil sí ag cur na súl amaċ ag gol mar ġeall air ó ṫáinig an scéala cleaṁnais ó Ṗeats Teaimí?”

Sin é aduḃairt Máire.

“An mór an spré a ṫairrig Peats duit, a Ṁáire?” arsa Mam.

“Ṫairrig, a ċroiḋe,” arsa Máire, “cúig céad púnt slán, agus naċ orainn a ḃeaḋ an seans an méid sin airgid do ḃualaḋ an doras isteaċ ċuġainn. Ní ċuirfinn a ċaṫú go bráṫ díom dá scaoilinn uaim é.”

Ní duḃairt Mam aon ní go ceann tamaillín.

“Tá sé anaċríona, a Ṁáire,” ar sise fé ḋeire.

“Ní mó ná deiċ mbliana is daċad d’aois é. Is mó lá oibre fós ann,” arsa Máire.

“Níl Nell aċ ceiṫre bliana fiċead,” arsa Mam.

“Arú, naċ ag dul i n-aois a ḃeiḋ sí?” arsa Máire.

“Cad deir sí i dtaoḃ an ċleaṁnais?”

“Arú, is mó rud a deir sí, aċ tiocfaiḋ ciall di ar ball. Mara mbeaḋ Taḋg Óg san, níor ġáḋ ḋom ḃeiṫ ag taṫant i n-ao’ ċor uirṫi. An raiḃ a leiṫéid d’inġin riaṁ ag aoinne? Fear breá, ciallṁar, aici ’á ḋ’ḟaġáil, agus gan aon tor’ aici air.”

“Féaċ, a Ṁáire,” arsa Mam, “b’ḟéidir go ḃfuil an ceart ag an gcailín, má tá éileaṁ aici ar Ṫaḋg Óg, is dóċa gur ḋeacair léi an sean-Peats Teaimí do ṗósaḋ . . . .”

[ 50 ]“Tse! éileaṁ aici ar Ṫaḋg Óg! Agus má tá féin cad a ḃaineann san leis an scéal? Ní ḃíonn san éileaṁ san aċ caiṫeaṁ aimsire; aċ ní haon ċaiṫeaṁ aimsire pósaḋ.”

“Cad é an loċt atá agat ar Ṫaḋg Óg?” arsa Mam.

“Arú, ná bí ag cainnt liom ar Ṫaḋg Óg,” ar sise, “níl aon deáraṁ leis, é féin agus a ṫrí ċéad-go-leiṫ púnt is go ḃfuil an doras ’á ċur isteaċ orm gaċ aon lá age daoine ag teaċt ag taṫant ċeiṫre céad agus ċeiṫre céad-go-leiṫ orm, agus naċ ṡin cúig céad ’á ṫarrac dom age Peats Teaimí.”

“An t-aos, a Ṁáire, an t-aos,” arsa Mam, “b’ḟéidir ná mairfeaḋ sé sin deiċ mbliana eile.”

“Arú, mara mairiḋ sé, féin, ná beiḋ sí ’na bean óg an uair sin, agus ġeoḃaiḋ sí fear eile agus, dá n-abrainn é, spré.”

Ḃíodar tamall eile ag cainnt mar sin, aċ ṫuigeas mar do ḃí an scéal, agus d’éaluiġeas liom amaċ arís tríd an ḃfuinneóig. Tiġ Ṁáire Aindí ḃaineas ar dtúis amaċ. Ní raiḃ aonne istiġ aċ Nell agus rian an ġuil uirṫi.

“Arú, ná bí ag gol i n-ao’ ċor!” arsa mise, “ar ndóiġ ní ṁairfiḋ sé sin deiċ mbliana eile.”

“Cé hé?” ar sise.

“Peats Teaimí,” arsa mise, “agus beiḋ tú id’ ḃean óg an uair sin.” Ṫáinig ḋá ṡúil di agus do las sí go bun a cluas.

“Ḃfuil éileaṁ agat ar Ṫaḋg Óg?” arsa mise. “Duḃairt Mam go raiḃ.”

Ní duḃairt sí aon ní, aċ ḃí sí ar bruaċ ġuil.

“Agus duḃairt do ṁáṫair ná raiḃ annsan aċ caiṫeaṁ aimsire, agus go gcaiṫfeá Peats agus a ċúig céad púnt a ṗósaḋ. Ḃíos ag éisteaċt leo trí ṗoll na heocraċ.”

“Cad duḃradar?” ar sise.

“Duḃairt mo Ṁam gur ṁór an náire tú ṗósaḋ le seanduine,” arsa mise, “agus bíonn an ceart age Mam. Féaċ, a Nell, ná pós Peats san i n-ao’ ċor, agus caḃróċad-sa leat.”

[ 51 ]Do ġáir sí tríd an ngol.

“Dá ḟeaḃas tú, ṁaise, a Jimín,” ar sise, “raġaiḋ ded’ ḋíċeall mé ċosaint ar Ṁam agus ar an seana-ċníopaire sin go ḃfuil ċúig céad púnt aige.”

“Fan bog, ṁuise,” arsa mise, agus siúd liom an doras amaċ.

Nuair a ḃíos ag gaḃáil síos ṫar tiġ Ṫaiḋg Óig, ḃí Taḋg san ioṫlainn agus é ag gearraḋ turnpaí. Aċ ní ag gearraḋ a ḃí sé i n-ao’ ċor, mar is aṁlaiḋ a ḃí a uile anuas ar an meaisín aige, agus a láṁ fé n-a leaṫċeann, agus níor ḋóiġ leat air go raiḃ aon anaṁisneaċ air.

“Cad é an fuadar atá anois fút, a Jimín?” ar seisean.

“Fuadar cleaṁnais, dar fia!” arsa mé féin. N ḟéadfainn gan é leigint amaċ.

“Arú, cé ḋo?”

“D’inġin Ṁáire Aindí,” arsa mise.

Ṁeas sé gur ag magaḋ fé a ḃíos. “Tá stócaċ aici ṁuise,” ar seisean.

“Is fearr mé ná tusa pé scéal é, agus dá mbeaḋ aon ṁaiṫ ionnat, ní hannsan do ḃeifeá, aċ ṡuas aici. Tá sí ’na haonar agus í ag gol,” arsa mise, “agus ní fiú ṫú ḃeiṫ ag gol mar ġeall ort.” N’ḟéadfainn é ċongáil istiġ.

Ċaiṫ sé turnap liom.

“Níl aonne ’na teannta,” arsa mise, agus as go bráṫ liom.

Tá Peats Teaimí ’na ċoṁnaiḋe ḋá ṁíle siar uainn. Nuair ṫána ann, ní raiḃ sé istiġ. Duḃairt duine éigin liom go raiḃ sé sa ċeardċain. Ċuas annsan. Ḃí an oiḋċe tuitṫe, agus a lán daoine istiġ ann ag caiṫeaṁ tobac. Ḃí an gaḃa ag baint sranntarnaiġe as na builg. Nuair do ċonnaic sé mise, do stad sé.

“Seaḋ, a ḃuaċaill ḃig,” ar seisean, “cad tá uait-se?”

“Tá Peats Teaimí,” arsa mise, “ḃfuil sé annso?”

“Sin é ’na ṡuiḋe ar ċeann an ḃínnse é,” ar seisean.

“An é an seanaleaid maol é?” arsa mise.

[ 52 ]Ní duḃairt aonne faic leis sin, aċ do ġáir slibire do ġarsún fada do ḃí ann. Ḃí a lán des na fearaiḃ, áfaċ, a ṫug súnnc uileann dá ċéile. Ṫáinig lasaḋ sa ḃfear maol.

“An tusa Peats Teaimí?” arsa mise leis.

“Cad dob áil leat díom?” ar seisean.

“Ṫána i leiṫ,” arsa mise, “ó inġin Ṁáire Aindí ċun a ráḋ leat ná pósfaḋ sí i n-ao’ ċor ṫú, mar gur seana-ċníopaire ṫú; agus deir Mam go ḃfuil an ceart aici; aċ deir Máire Aindí naċ mór an díoḃáil a ḃeiḋ déanta má ṗósann tú Nell, mar naċ fada ṁairfir agus go mbeiḋ Nell ’na bean óg id’ ḋiaiḋ, agus go ḃfaġaiḋ sí fear eile, agus beiḋ do ċúig céad-sa aca.”

Faid a ḃíos ag cainnt ḃí meanga gáire ag teaċt ar ċuid des na fearaiḃ agus sara raiḃ deire ráiḋte agam ḃí clab ar an gcuid ba ṁó aca ag gáirí. An riaċ, a ṁic ó, aċ go dtáinig straiḋn ar Ṗeats Teaimí ċuġam. Ṗreab sé anuas den mbínnse agus é ar buile le feirg.

“Don diaċ a ḃeirim Máire Aindí agus a toice inġine!” ar seisean. “Abair leo gur maiṫ liom ḃeiṫ scarṫa leo mar gurḃ olc an íde ṫug an tseanaḃean ar an ḃfear a ḃí aici féin nuair a ċuir sí sa ċré go hóg é. Sin é an íde a ṁeas sí a ṫaḃairt orm-sa leis, is doċa, tar éis mo ċuid a ṡlad uaim. Ḃeirim-se an fial! ná bead-sa am’ amadán aca. Fág mo raḋarc, a ċoileáin!” ar seisean liom-sa.

Ċuir a ċuid cainnte olc orm. “Bú,” arsa mise, “a ṡeanaṗlaitín scúite.”

Ḃíos anaḋroċṁúinte adṁuiġim, aċ n’ḟéadfainn a’ “fear maiṫ” ḟágaint aige.

Ṫairrig sé iarraċt de ċic orm, a ṁic ó, aċ ní mé do ḃuail sé aċ madra an ġaḃa agus ṫóg sé os cionn talṁan é. Duḃairt an gaḃa leis go mbrisfeaḋ sé a ṗus. N’ḟeadar-sa cad a ṫárla ’na ḋiaiḋ san mar ḃaineas an doras amaċ.

Ḃí an oiḋċe ḋorċa agam ag teaċt aḃaile agus níor stadas aċ ag riṫ ċun ná beireaḋ na púcaí orm. Ní rugadar. Go dtí tiġ Ṁáire Aindí ċuas ar dtúis. Ḃí [ 53 ]Nell ar fuaid na cistineaċ. Ḃí Máire Aindí agus Beit Ṁór agus beirt nó triúr eile ban tiompall na teine agus iad ag cainnt i dtaoḃ an ċleaṁnais.

“Is dóċa go mbeiḋ siḃ ag dul ’on Daingean Dé Saṫairn ċun páipéir an ċleaṁnais a ḋ’ḟáġail ón atúrnae?” arsa Beit Ṁór agus mé ag teaċt an doras isteaċ.

“Ní ḃeid,” arsa mise, “tá an cleaṁnas briste.”

D’ḟéaċadar go léir orm.

“Tá sé briste,” arsa mise.

“Cé duḃairt san leat, a ḃligeáird?” arsa Máire Aindí.

“Peats Teaimí,” arsa mise. “Ḃíos ar an gceardċain anois agus ḃí Peats ann agus d’ḟógair sé ’on diaḃal tusa agus do ṫoice inġine agus duḃairt sé liom é ráḋ leat ná beaḋ a ċuid airgid agat-sa ná ná cuirfeaḋ siḃ ’on ċré é mar do ċuiris-se t’ḟear féin; agus ḃí an goṁ air ’á ráḋ.”

Arú, a ṁic ó! n’ḟeacaís riaṁ aċ an preab a ḃaineas asta. Ċuaiḋ Máire Aindí i laige agus ḃíodar ag caiṫeaṁ uisce uirṫi go dtáinig an t-anam arís innti. Annsan ċrom sí ar ġol agus ḃí na mná go léir ’na tiompall d’iarraiḋ í ċur ar a suaineas. Ní raiḃ Nell ag gol i n-ao’ ċor. Ḃí Beit Ṁór ag cáineaḋ Ṗeats Teaimí.

“Léan air, an rudín súiġ!” ar sise, “b’olc an díol air é ṫaḃairt isteaċ ar do ṫeinteán. Is maiṫ do scarais leis, a ċroiḋe.” Ba ḋóiġ leat ar Ḃeit Ṁór gurḃ í Máire Aindí ḟéin a ḃí ’á pósaḋ leis.

Ḃí Nell tiompall a máṫar a ḃí ag gol. “Á! ’Ṁamaí, éist,” ar sise, “nár imiġiḋ uainn aċ é. Níl ann aċ bodaċ.”

“Níl, a ċroiḋe,” arsan ṁáṫair. “Bodaċ gan ṁeas air féin, a leanḃ, agus b’ḟéidir ná raiḃ an ceart agam-sa nuair a ḃíos ag taṫant ort-sa tú féin a ċeangal le bastún dá leiṫéid.” Nuair a ċuala-sa ag bladar le na ċéile mar sin iad, ċuireas díom amaċ. Ní maiṫ liom suainseán ban.