Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/59

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

MAR BRISEAḊ CLEAṀNAS ṖEATS TEAIMÍ

Do ġáir sí tríd an ngol.

“Dá ḟeaḃas tú, ṁaise, a Jimín,” ar sise, “raġaiḋ ded’ ḋíċeall mé ċosaint ar Ṁam agus ar an seana-ċníopaire sin go ḃfuil ċúig céad púnt aige.”

“Fan bog, ṁuise,” arsa mise, agus siúd liom an doras amaċ.

Nuair a ḃíos ag gaḃáil síos ṫar tiġ Ṫaiḋg Óig, ḃí Taḋg san ioṫlainn agus é ag gearraḋ turnpaí. Aċ ní ag gearraḋ a ḃí sé i n-ao’ ċor, mar is aṁlaiḋ a ḃí a uile anuas ar an meaisín aige, agus a láṁ fé n-a leaṫċeann, agus níor ḋóiġ leat air go raiḃ aon anaṁisneaċ air.

“Cad é an fuadar atá anois fút, a Jimín?” ar seisean.

“Fuadar cleaṁnais, dar fia!” arsa mé féin. N ḟéadfainn gan é leigint amaċ.

“Arú, cé ḋo?”

“D’inġin Ṁáire Aindí,” arsa mise.

Ṁeas sé gur ag magaḋ fé a ḃíos. “Tá stócaċ aici ṁuise,” ar seisean.

“Is fearr mé ná tusa pé scéal é, agus dá mbeaḋ aon ṁaiṫ ionnat, ní hannsan do ḃeifeá, aċ ṡuas aici. Tá sí ’na haonar agus í ag gol,” arsa mise, “agus ní fiú ṫú ḃeiṫ ag gol mar ġeall ort.” N’ḟéadfainn é ċongáil istiġ.

Ċaiṫ sé turnap liom.

“Níl aonne ’na teannta,” arsa mise, agus as go bráṫ liom.

Tá Peats Teaimí ’na ċoṁnaiḋe ḋá ṁíle siar uainn. Nuair ṫána ann, ní raiḃ sé istiġ. Duḃairt duine éigin liom go raiḃ sé sa ċeardċain. Ċuas annsan. Ḃí an oiḋċe tuitṫe, agus a lán daoine istiġ ann ag caiṫeaṁ tobac. Ḃí an gaḃa ag baint sranntarnaiġe as na builg. Nuair do ċonnaic sé mise, do stad sé.

“Seaḋ, a ḃuaċaill ḃig,” ar seisean, “cad tá uait-se?”

“Tá Peats Teaimí,” arsa mise, “ḃfuil sé annso?”

“Sin é ’na ṡuiḋe ar ċeann an ḃínnse é,” ar seisean.

“An é an seanaleaid maol é?” arsa mise.

51