Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/60

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

Ní duḃairt aonne faic leis sin, aċ do ġáir slibire do ġarsún fada do ḃí ann. Ḃí a lán des na fearaiḃ, áfaċ, a ṫug súnnc uileann dá ċéile. Ṫáinig lasaḋ sa ḃfear maol.

“An tusa Peats Teaimí?” arsa mise leis.

“Cad dob áil leat díom?” ar seisean.

“Ṫána i leiṫ,” arsa mise, “ó inġin Ṁáire Aindí ċun a ráḋ leat ná pósfaḋ sí i n-ao’ ċor ṫú, mar gur seana-ċníopaire ṫú; agus deir Mam go ḃfuil an ceart aici; aċ deir Máire Aindí naċ mór an díoḃáil a ḃeiḋ déanta má ṗósann tú Nell, mar naċ fada ṁairfir agus go mbeiḋ Nell ’na bean óg id’ ḋiaiḋ, agus go ḃfaġaiḋ sí fear eile, agus beiḋ do ċúig céad-sa aca.”

Faid a ḃíos ag cainnt ḃí meanga gáire ag teaċt ar ċuid des na fearaiḃ agus sara raiḃ deire ráiḋte agam ḃí clab ar an gcuid ba ṁó aca ag gáirí. An riaċ, a ṁic ó, aċ go dtáinig straiḋn ar Ṗeats Teaimí ċuġam. Ṗreab sé anuas den mbínnse agus é ar buile le feirg.

“Don diaċ a ḃeirim Máire Aindí agus a toice inġine!” ar seisean. “Abair leo gur maiṫ liom ḃeiṫ scarṫa leo mar gurḃ olc an íde ṫug an tseanaḃean ar an ḃfear a ḃí aici féin nuair a ċuir sí sa ċré go hóg é. Sin é an íde a ṁeas sí a ṫaḃairt orm-sa leis, is doċa, tar éis mo ċuid a ṡlad uaim. Ḃeirim-se an fial! ná bead-sa am’ amadán aca. Fág mo raḋarc, a ċoileáin!” ar seisean liom-sa.

Ċuir a ċuid cainnte olc orm. “Bú,” arsa mise, “a ṡeanaṗlaitín scúite.”

Ḃíos anaḋroċṁúinte adṁuiġim, aċ n’ḟéadfainn a’ “fear maiṫ” ḟágaint aige.

Ṫairrig sé iarraċt de ċic orm, a ṁic ó, aċ ní mé do ḃuail sé aċ madra an ġaḃa agus ṫóg sé os cionn talṁan é. Duḃairt an gaḃa leis go mbrisfeaḋ sé a ṗus. N’ḟeadar-sa cad a ṫárla ’na ḋiaiḋ san mar ḃaineas an doras amaċ.

Ḃí an oiḋċe ḋorċa agam ag teaċt aḃaile agus níor stadas aċ ag riṫ ċun ná beireaḋ na púcaí orm. Ní rugadar. Go dtí tiġ Ṁáire Aindí ċuas ar dtúis. Ḃí

52