Irisleabhar na Gaedhilge/Imleabhar 5/Uimhir 6/An Bóithrín Buidhe

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Irisleabhar na Gaedhilge, Imleabhar V, Uimh. 6  (1894)  by Eoin Mac Néill
An Bóithrín Buidhe
[ 91 ]

MAYO GAELIC.


[ 91 ]

AN BÓIṪRÍN BUIḊE.

Tá mé tinn
⁊ ní’l mé slán
ní mór naċ gcoṁnuiḋeann
an croiḋe in mo lár
ag cuiṁniuġaḋ ar an uair
ḃí mé ’s mo ġráḋ
guala ar ġualainn
⁊ láṁ ar láim.

Ċuaiḋ mé siar
an bóiṫrín buiḋe
ar ṡúil go ḃfeicfinn
rún mo ċroiḋe
ba ḋearg í a gruaiḋ
’s ba ġeal a ḋá ċíċ
ag seolaḋ na bó
’s ag dealuġaḋ an laoiġ.

Go ndiongantar fíon
do’n tsruṫ so ṡiar
luaċair ġlas
do’n rannaiġ ċrín
páirceannaiḋe bána
do ḃarr an ḟraoiċ
páirt do do ġráḋ-sa
ní ḟagfaiḋ mo ċroiḋe.

Tá tuile ’san aḃainn se
naċ dtráiġfiḋ go lá
tá imniḋe ro-ṁór orm
naċ ḃfeicfiḋ mé mo ġráḋ
tá arraing in mo ṫaoiḃ
ní ḃeiḋ mé mí beo
mur dtigiḋ sisi ar cuairt agam
uair nó ḋó.

[ 92 ]

Ólaim, ólaim,
ólaim dram,
íocaim, íocaim,
íocaim ḋá ċeann
tá sgiling ar an mbeoir
⁊ feoirling ar an lionn
’s cé fearr le Dia ’do ċoṁnuide ṫú
ná ṫiḋeaċt liom?


O Ṁiċeál Mac Ruḋraiġe, ógánaċ as condae Ṁuiġe Eó, fuair mé an t-aḃrán so Dia Doṁnaiġ an dara lá fiċead do ṁí Iúil, 1894.

Eoin Mac Néill.