Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/96

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
92
THE GAELIC JOURNAL.

Ólaim, ólaim,
ólaim dram,
íocaim, íocaim,
íocaim ḋá ċeann
tá sgiling ar an mbeoir
⁊ feoirling ar an lionn
’s cé fearr le Dia ’do ċoṁnuide ṫú
ná ṫiḋeaċt liom?


O Ṁiċeál Mac Ruḋraiġe, ógánaċ as condae Ṁuiġe Eó, fuair mé an t-aḃrán so Dia Doṁnaiġ an dara lá fiċead do ṁí Iúil, 1894.

Eoin Mac Néill.

WEST CORK GAELIC.


ORDÓG ḞEASA ḞINN ṀIC ĊUṀAILL.

Lá dá raḃas ag siuḃal cois aḃann do casaḋ orm an gaisgiḋeaċ ba ṁó dá ḃfeaca riaṁ, ⁊ gan aċt aon tsúil aṁáin aige, ⁊ í sin i gclár a éadain. Do ṫáinig iongnaḋ orm an tráṫ do ċonnac é. Do ḟéaċ sé orm ⁊ do ḟiarfaiġ sé ḋíom cia’rḃ é me. “Is mise Fionn Mac Cuṁaill,” arsa mise. “Is maiṫ mar a ṫárla,” ars an gaisgiḋeaċ, “mar atáimse annso le seaċt lá ⁊ le seaċt n-oiḋċe gan neul codalta ṫeaċt orm ag faire bradáin do ḃí ins an aḃainn seo. Tar isteaċ liom ins an tiġ seo ’n-ár n-aice go sínfead ṫorm ar an leabaiḋ go gcodail- eoġad rod éigin, ⁊ bí-se ag faire an ḃradáin atá ’á ḃeirḃiuġaḋ ar an teine. Taḃair aire ṁaiṫ ḋo, ⁊ ná leig aon ċlog do ṫeaċt air, no má leigir, bainfeadsa an ceann díot. Seo fáinne ḋuit, ⁊ cuir ar do ṁéar é go n-éireóġadsa as mo ċodlaḋ.” Do rinneas aṁlaiḋ soin ⁊ do ṡuiḋeas cois na teine ag taḃairt aire do’n mbradán. Ba ġeárr go ḃfeaca clog mór ag éirġe ar ḋrom an éisg, ⁊ do ṫáinig eagla orm go ḃfeicfeaḋ an gaisgiḋeaċ é. Do ċúireas m’órdóg anuas ar an ċlog ċum é ísliuġaḋ i gcás ná tiuḃraḋ an gaisgiḋeaċ faoi n’aire é ’nuair a d’eireiġaḋ sé. Do dóġaḋ m’órdóg ċun an smior, ⁊ le n-a linn so do sáiṫeas isteaċ am’ ḃeul í. Is annsoin do fuaras fios ar an ḃfáṫ go raiḃ an gais- giḋeaċ ag faire an ḃradáin, ⁊ dá n-éireoġaḋ sé an ḟaid do ḃiḋeas ⁊ láṫair go gcuirfeaḋ sé ċun báis mé. Ag súil go ḃféadfainn teiṫeaḋ lem’ anam uaiḋ do rugas ar ḃarra mór iarainn do ḃí ar an dteinnteán ⁊ do ṡáiṫeas suas é ins an aon súil aṁáin do ḃí ag an ḃfear mór. Do ṫug sé léim as an leabaiḋ ⁊ do liuġaiġ sé amaċ, “A ḟáinne, cá ḃfuilir?” Do laḃair an fáinne, ⁊ aduḃairt, “Táim annso go dlúṫ dain- gean ar ṁéar Ḟinn Mic Ċuṁaill.” Do ṫug an gaisgiḋeaċ léim eile faoi ḋéin na h-áite ’n-ar ċuala sé an guṫ, aċt do riṫeas-sa liom ḟéin, ⁊ níor ṫáinig leis an ngaisgiḋeaċ breiṫ orm. Do ḃí an gais- giḋeaċ ar an ċuma soin ag glaoḋaċ ar an ḃfáinne ⁊ an fáinne dá ḟreagairt ar feaḋ urṁóir an lae gur ṫáinig an trátnóna, ⁊ do ṫeip air teaċt suas liom. Do ḃíos tuirseaċ tnáiṫte ó ḃeiṫ ag imṫeaċt ó áit go h-áit, ⁊ ní ḟeadar cad ba ċeart dam a ḋéanaṁ. Ṫar éis maċtnaiṁ tamall do ṁeasas go mb’ ḟeárr an méar ar a raiḃ an fáinne do ġearraḋ ḋíom. Do rinneas ⁊ do ċaíṫeas isteaċ ’san aḃainn é. Do ġlaoḋaiġ an gaisgiḋeaċ arís, “A ḟáinne, cá ḃfuilir?” “Táim annso go daingean ar ṁéar Finn Ṁic Ċuṁaill i n-íoċtar na haḃann.” Do ḃríġ ná raiḃ aon raḋarc ag an ngaisgiḋeaċ ⁊ ná feacaiḋ sé cá raiḃ sé ag dul ṫug sé truslóg go híoċtar na haḃann ⁊ do báṫaḋ é. Do ḃí áṫas mór orm ’nuais a ċonnac go raḃas sgarṫa leis.

Do imṫiġeas ċun an tiġe mar a raiḃ an bradán. Is amlaiḋ do ḃí sgata préaċán duḃ ’n-a ṫimċioll, ⁊ é naċ mór iṫte aca, ⁊ ó ṡoin a leiṫ deirṫear go ḃfuil fios ag na préaċánaiḃ duḃa.

Is mar sin do ṫárla ḋam féin fios d’ḟaġáil ar dtúis ⁊ atáid na fearta céadna riaṁ ó ṡoin agam aon uair do ċogónfainn m’órdóg.

P. O’B.