Irisleabhar na Gaedhilge/Imleabhar 5/Uimhir 1/Díorfach Dúin-Alt

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Irisleabhar na Gaedhilge, Imleabhar V, Uimh. 1
Díorfach Dúin-Alt
[ 5 ]

SPOKEN GAELIC OF DONEGAL.


Díorfach Dúin-Alt.

JOHN C. WARD.


Dar le Duḃ go m-béarfaḋ sé air, ⁊ d’imṫiġ leis ’na ḋéiḋ, a ċú le n-a ċois, a ṡeaḃac air a ḃois, ⁊ a eaċ caol donn faoi n-a ṫóin, go m-bainfeaḋ sé ribe de’n ġaoiṫ ⁊ naċ m-bainfeaḋ an ġaoṫ ribe ḋe. Nuair a b’árd dó-san, &c. Lean sé an gearrḟiaḋ go d-táinic néoin ḃeag, c. ⁊ go díreaċ le tuitim na h-oiḋċe ṫug sé iarraiḋ a ḋul isteaċ i d-taoiḃ carraige aċt rug Duḃ air a ḋa ċois deirionnaiġ ⁊ ṁarḃ sé é.

Sgairt sean-ċailleaċ a ḃí ins an ḃruiġin amaċ “Cé rin a ṁarḃ Toimidin an Lúiṫ?” “Tá mise” arsa Duḃ Ṁac a’ Díorfaiġ “⁊ a ṁairḃfeaḋ ṫusa fós dá g-cuirfea mórán iargnaoiḋ orm.” Ḋruid Duḃ suas leis an teiníḋ ⁊ ṫeiṫ an ċailleaċ síos ann a dorais. “Cad ċuige naċ suiḋeann tú aḃos aig an [ 6 ]teiníḋ,” arsa Duḃ? Ḃeiḋeaḋ eagla orm go m-buailfeaḋ an beaṫaċ mór sin preab orm, no go m-bainfeaḋ an beaṫaċ sin eile sglaṁ asam, no an beaṫaċ beag sin gob asam.” “Da mbeiḋeaḋ bealaċ agam-sa le n-a gceangal, ċeanglóċainn iad“ arsa Duḃ. Tharraing an ċailleaċ trí ribe fionnfaiḋ as poll a h-eascail ⁊ ċaiṫ sí ċuige iad. D’ ḟeuċ Duḃ ceann aca air a ṁeur ⁊ ġearr sé é go d-tí an cnáṁ. Leis sin ċaiṫ sé iad ’sa teiniḋ ⁊ riġne siad trí ḃloisg ṁóra, ⁊ ċeangail sé na beiṫiġ le trí fiogaiḃ. Nuair a ḃí an ċailleaċ tamall aig an teiniḋ dubairt sí le Duḃ naċ d-tug sí fasgaḋ tiġe nó teas teineaḋ do aon ḟear aríaṁ naċ mairḃfeaḋ mart de ċuid an riġ dí. “Maiseaḋ” arsa Duḃ “ní beiḋ mise níos measa ’ná cáċ,” ⁊ ċuaiḋ sé amaċ ⁊ ṁarḃ sé mart ⁊ ṫug isteaċ é. Chaiṫ sé ceaṫraṁa de ċuicí. Tharraing sí é ṫríd an ġríosaiġ, ṫríd an ġrásaiġ, ṫríd a fiacla fada buiḋe, ⁊ ṡluig sé é.

“Biaḋ, biaḋ nó troid,” ars an ċailleaċ, &c.

Le sgeul fada a ḋeanaḋ goirid, ṫug sé trí ceaṫraṁnaċa dí ⁊ ċuir sí troid air mar naċ d-taḃairfeaḋ sé tuille ḋí. Ḃí an ċailleaċ aig breiṫ buaiḋ ⁊ sgairt Duḃ amaċ “Cuideaḋ, cuideaḋ a eiċ.” “Teann, teann a ribe ⁊ bain an ceann de’n eaċ” ars an tsean-ċailleaċ. Is doilġe daṁ ⁊ me brúiġte, dóiġte air ċúl mo ċinn ’sa teiniḋ” ars an ribe. Thoisiġ an eaċ aig cuideaḋ le Duḃ aċt ’na ḋeiḋ sin ⁊ uile ḃí an ċailleaċ aig breiṫ buaiḋ gur sgairt sé air a ċú ⁊ air a ṡeaḃac. Ḃuaileaḋ an t-eaċ preab uirri, ḃaineaḋ an cú sglaṁ aisdí, ⁊ ṗioc an seaḃac an dá ṡúil aisdí, gur ċlaoiḋ siad í. Nuair a ḃí sí a ċóṁair a ḃeiṫ marḃ, “Fóil, fóil” ars sise “na marḃ mé ⁊ ḃéarfaiḋ mé mo ṡlat ḋraoiḋeaċta ḋuit, ⁊ ṫig leat do ḋearḃráṫair atá ’na ċarraig ṡíos annsin le taoiḃ an dorais a ḋeanaḋ beó arís leiṫe.” “A ċailleaċ ṡalaċ, is liom féin an t-slat sin ó do lá-sa amaċ,” arsa Duḃ, ⁊ leis sin ḃain sé an ceann dí. Rug sé air an t-slait ḋraoiḋeaċta ⁊ ḃuail sé an ċarraig a ḃí le taoiḃ an dorais, ⁊ d’ eiriġ a ḋearḃraṫair suas beó, beiṫeaċ coṁ maiṫ ⁊ ḃí sé ariaṁ. Riġne sé an rud céadna leis an eaċ, leis an ċú ⁊ leis an t-seaḃac. Air n-dóiġċe ḃí luṫġáir ṁór air na dearḃráiṫreaċaiḃ ⁊ ċaiṫ siad an oiḋċe sin go súgaċ ins an ḃrúiġin. Air maidin lá ar n-a ḃáraċ ṫug siad iarraiḋ air an ḃaile. Nuair a ḃí siad aig triall leó ṫoisiġ Duḃ aig innsint mar ṫárla dó ó d’ḟág sé an baile ⁊ duḃairt sé nar ċuir rud air bíṫ oiread iongantais air leis an ḃean a cuireaḋ a luiḋe ċuige ins an teaċ mór air ḃain sé faoi ann an oiḋċe roiṁe. Réir mar d’innis sé d’aiṫin Donn gur ḃí a ḃean féin a ḃí ann ⁊ d’eiriġ an oiread sin feirge air gur ḃuail sé Duḃ le slait na draoiḋeaċta ⁊ riġne sé carraig cloiċe ḋe, ⁊ d’imṫiġ leis ann a’ ċaisleáin a raḃ a ḃean ann. Nuair a ḃeannaiġ isteaċ ann, ṡaoil sé naċ raḃ an oiread fearaḋ-ḟáilte aig n-a ṁnaoi roiṁe ⁊ buḋ ċóir ⁊ fuair sé amaċ uaiṫe go deárn sé éugcóir air a ḋearḃraṫair. Go luaṫ air maidin lá ar n-a ḃáraċ, d’imṫiġ sé go d-táinic sé ċoṁ fada leis an áit a dearn sé carraig de Ḋonn, ḃuail sé le slat na draoiḋeaċta e ⁊ d’eiriġ sé suas beó arís. Shiuḃail siad leó go d-táinic siad ann a’ ċaisleáin, ⁊ fuair siad an uile ḋuine ann sin faoi ḃrón ṁór. H-innseaḋ dóiḃṫe go d-táinic Ceann Gruagaċ na g-Cleasann as an Dóṁan Shoir ⁊ go d-tug sé bean Dhoinn leis le ḃeiṫ ’na mnaoi aige aċt sul ar ḟág siad an caisleán, ċuir sí faoi ġeasaiḃ é lá ⁊ bliaḋain de spás a ṫaḃairt dí sul a b-pósfaiḋe iad. D’imṫiġ Donn ⁊ Duḃ ’na ndéiḋ, lá ar n-a ḃáraċ ⁊ ṡiúḃail leó go d-táinic neóin ḃeag, &c. Ní ḟacaiḋ siad teaċ mór a ḃ-fad uaiḃṫe no teaċ beag ndeas dóiḃṫe, aċt teaċ beag aṁáin, fionn, fionnagaċ, donn, donnagaċ; gan bun cleite amaċ nó bárr cleite isteaċ aċt an cleite beag aṁáin a ḃí aig deanaḋ dídin ⁊ fasgaiḋ do’n teaċ a lig. Chuaiḋ siad [ 7 ]isteaċ ⁊ d’eiriġ sean-duine beag liaṫ ⁊ ċuir fáilte roiṁ Dhonn Ṁac a’ Díorfaiġ ⁊ a ḋearḃráṫair. Chaiṫ siad an oiḋċe sin trian le fíannuiġeaċt etc. D’innis an sean-duine dóiḃṫe go raḃ Ceann Gruagaċ na g-Cleasann ann sin a réir ⁊ bean ḃrónaċ leis. Nuair a ḃí siad aig imṫeaċt air maidin, d’iarr an sean-duine orra an géiḃeann is mó a m-beiḋeaḋ siad ann go d-tigeaḋ siad air ais sgairt a ḋeanaḋ air Ṁadaḋ Ruaḋ na Coilleaḋ Craoḃaiġe ⁊ go d-tiocfaḋ seisean le cuideaḋ ċuca. D’ḟág siad slán ⁊ beannaċt aige ⁊ ṡiúḃal leó go dtáinic neoin ḃeag ⁊ deireaḋ an lae ⁊ ċonnaic siad teaċ beag ⁊ ċuaiḋ isteaċ. Chuir seanduine beag líaṫ a ḃí ’na ṡuiḋe le cois na teineaḋ fáilte rómpa, ⁊ d’iarr orra fanaċt aige an oiḋċe sin. D’ḟan ⁊ nuair a ḃí siad aig imṫeaċt uaiḋ air maidin duḃairt sé leó an géiḃeann is mó a m-beiḋeaḋ siad ann, go d-tigeaḋ siad air ais, sgairt a ḋeanaḋ air Sheaḃac na Coilleaḋ Léiṫe ⁊ go raċfaḋ seisean a ċuideaḋ leó. An tríoṁaḋ h-oiḋċe d’ḟan siad aig seanduine eile ⁊ air imṫeaċt dóiḃṫe air maidin uaiḋ d’iarr sé orra an géiḃeann is mó a m-béiḋeaḋ siad ann, go d-tigeaḋ siad air ais, sgairt a ḋeanaḋ air Dhóḃran Donn Loċafóil (Feaḃla) ⁊ go d-taḃairfeaḋ seisean tárṫail dóiḃṫe. Shiúḃail siad leó go raḃ siad ins an Dóṁan Shoir ⁊ go d-táinic siad go cúirt ⁊ caisleán Chinn Ghruagaiġ na g-Cleasann. Ḃí sé féin air siúbal aig seilg, ⁊ is aṁlaiḋ mar fuair siad an ḃean a d’ḟuaduiġ sé ’o Dhonn Ṁac A’ Díorfaiġ aig ciaraḋ a cinn le cíar óir ⁊ í ’na suiḋe i g-caṫaoir airgid. Ḃí luaṫġair ṁór uirri rómpa ⁊ nuair a ṫáinic an tráṫnóna ċuir sí i ḃ-folaċ iad. Coṁ luaṫ ⁊ ṫáinic an Gruagaċ isteaċ air an doras “Fud, fad, féusóige, moṫuiġim bolaḋ an Éirionnaiġ ḃinn ḃréugaiġ in mo ṫiġ-se” ars seisean. “Bubo!” ars an ḃean naċ ḃ-fuil a ḟios agat go moṫóċaiḋ tú bolaḋ ’Eirionnaiġ in do tiġ coṁ fada ⁊ ḃéiḋeas mise ann.

Air maidin lá air na ḃáraċ, sul ar imṫiġ an Gruagaċ a ṡeilg d’ḟiafruiġ an ḃean de cá raḃ a anam ⁊ d’innis sé dí go raḃ sé faoi leic an dorais. Aig teaċt aḃaile ḋó, tráṫnóna, fuair sé leac an dorais cúṁduiġṫe le síoda ⁊ sról ⁊ d’ḟiafruiġ sé cad é an fáṫ a raḃ sin deanta. Duḃairt an ḃean leis gur mar ġeall airsean a riġne sí é. Chuir so áṫas mór air ⁊ duḃairt sé gur ċosaṁail dá m-beiḋeaḋ a ḟios aicí ca raḃ a anam go m-beiḋeaḋ sí go maiṫ ḋó. Leig sí uirrí go raḃ fearg uirrí mar nár innis sé an ḟírinne ḋí. Sul ar imṫiġ sé air maidin lá air n-a ḃáraċ d’ḟeuċ sí faġail amaċ uaiḋ cá raḃ a anam ⁊ duḃairt sé leiṫe gur i g-carraig ṁóir air ċúl an tiġe ḃí sé. Chúṁduiġ sí an ċarraig le síoda ⁊ sról ⁊ nuair a ṫainic an Gruagaċ aḃaile tráṫnóna leig sé gáire as air ċruṫ go ḃ-feicfea an dúradan duḃ a ḃí ṡíos air ṫóin a ġaile. D’ḟiosruiġ an ḃean cad é aḋḃar a ġáire ⁊ duḃairt sé gur fa’n ċóruġaḋ deas a riġne sí air an ċarraig ⁊ gur ḃ-feasaċ dó anois dá m-beiḋeaḋ a ḟios aicí cá raḃ a anam go n-deanfaḋ sí an-ṁór de. Leig sí uirrí go raḃ fearg ⁊ mí-ṡásaḋ mór uirrí ⁊ annsin d’innis sé dí go raḃ crann fuinnseoige ins an ġárraiḋ; istiġ ins an ċrann go raḃ reiṫe ⁊ ins an reiṫe go raḃ laċa ⁊ ins an laċa go raḃ uḃ ⁊ naċ muirḃṫiḋe eisean a ċoiḋċe go m-buailfiḋe leis an uḃ sin é ós coinne an dúradain duḃ a ḃí air ṫóin a ġoile ⁊ mar sin de gur ṡaoil sé go raḃ léas aige cóṁ fada air a ṡaoġal ⁊ ḃí aig aon ḟear eile faoi an dóṁan.

Cóṁ luaṫ lá air n-a ḃáraċ ⁊ ṁeas Donn Mhac a’ Díorfaiġ go raḃ an Gruagaċ fad mór as baile fuair sé an tuaġ ḃriste ḃeárnaċ a ḃí aig an Ġruagaċ faoi ċolḃa a leapṫa ⁊ ṫoisiġ sé aig gearraḋ an ċrainn fuinnseoige ⁊ le gaċ buille d’ar buaileaḋ air an ċrann leis an tuaiġ ḃearnaċ ċaill an Gruagaċ neart céad fear ⁊ ċóṁ luaṫ ⁊ ṁoṫuiġ sé é fein aig fás lag ṫug sé iarraiḋ air an ḃaile. Nuair a ċuaiḋ aig Donn an [ 8 ]crann a leagaḋ d’imṫiġ reiṫe de rása amaċ as ⁊ sgairt Donn air Mhadaḋ Ruaḋ n-a Coilleaḋ Craoḃaiġe ⁊ ṫainic sé ⁊ rug sé sé air a reiṫe ⁊ marḃ sé é. D’imṫiġ laċa amaċ as air eiteog ⁊ sgairt Donn air Sheaḃac na Coilleaḋ léiṫe ⁊ ṫainic sé ⁊ rug sé air an laċa nuair a ḃí sí ag dul os cionn loċa. Thuit uḃ aisdí síos ins an loċ ⁊ sgairt Donn air Dhoḃran Donn Loċafóil ⁊ ṫainic sé ⁊ fuair an uḃ. Leis sin ḃí an Gruagaċ aig tarraingt in aice leis an ḃaile ⁊ le méid na feirge a ḃí air, ḃí a ċraos fosgailte ins an rioċt go raḃ an dúradan duḃ a ḃí air ṫóin a ġoile air feiceáil. Chuaiḋ Donn air a leaṫ-ġlún ⁊ ḃuail sé an Gruagaċ le h-urċur de’n uḃ os coine an dúradain duḃ a ḃí air ṫóin a ġoile ⁊ ṫuit sé síos marḃ.

Ḃí luṫġair ṁór orra, air n-dóiṫċe, ⁊ ċaiṫ siad an oiḋċe sin go súgaċ. D’ḟág siad an Dóṁan Shoir lá air n-a ḃáraċ agus ṫug siad iarraiḋ air an ḃaile. Ḃí luṫġáir ⁊ an-luṫġáir rómpa. Thuit Duḃ Mhac a’ Díorfaiġ i ngráḋ leis an darna inġín a ḃí aig an duine uasal. Fuaras sagart méiseaċ ⁊ cléireaċ uisge ⁊ pósaḋ iad ⁊ riġneaḋ banais ċúrṫa, ċárṫa a ṁair naoi n-oiḋċe ⁊ naoi lá ⁊ gur ḃ-fearr an lá deirionnaċ ’ná an ċeud lá.

Chuaiḋ siadsan an t-áṫ, mise an cloċán, báiṫeaḋ iadsan ⁊ ṫainic mise.

Críoċ.

(Buḋ gnáṫaċ a raḋ leis an sgeulaiḋe i ndéiḋ sgeul a críoċnuġaḋ “Míle beannaċt le h-anamnaiḃ do ċáirde” ins an áit so.)

We shall give some notes on this story in next issue.