Page:Irisleabhar na Gaedhilge vols 5+6.djvu/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
7
THE GAELIC JOURNAL.

isteaċ ⁊ d’eiriġ sean-duine beag liaṫ ⁊ ċuir fáilte roiṁ Dhonn Ṁac a’ Díorfaiġ ⁊ a ḋearḃráṫair. Chaiṫ siad an oiḋċe sin trian le fíannuiġeaċt etc. D’innis an sean-duine dóiḃṫe go raḃ Ceann Gruagaċ na g-Cleasann ann sin a réir ⁊ bean ḃrónaċ leis. Nuair a ḃí siad aig imṫeaċt air maidin, d’iarr an sean-duine orra an géiḃeann is mó a m-beiḋeaḋ siad ann go d-tigeaḋ siad air ais sgairt a ḋeanaḋ air Ṁadaḋ Ruaḋ na Coilleaḋ Craoḃaiġe ⁊ go d-tiocfaḋ seisean le cuideaḋ ċuca. D’ḟág siad slán ⁊ beannaċt aige ⁊ ṡiúḃal leó go dtáinic neoin ḃeag ⁊ deireaḋ an lae ⁊ ċonnaic siad teaċ beag ⁊ ċuaiḋ isteaċ. Chuir seanduine beag líaṫ a ḃí ’na ṡuiḋe le cois na teineaḋ fáilte rómpa, ⁊ d’iarr orra fanaċt aige an oiḋċe sin. D’ḟan ⁊ nuair a ḃí siad aig imṫeaċt uaiḋ air maidin duḃairt sé leó an géiḃeann is mó a m-beiḋeaḋ siad ann, go d-tigeaḋ siad air ais, sgairt a ḋeanaḋ air Sheaḃac na Coilleaḋ Léiṫe ⁊ go raċfaḋ seisean a ċuideaḋ leó. An tríoṁaḋ h-oiḋċe d’ḟan siad aig seanduine eile ⁊ air imṫeaċt dóiḃṫe air maidin uaiḋ d’iarr sé orra an géiḃeann is mó a m-béiḋeaḋ siad ann, go d-tigeaḋ siad air ais, sgairt a ḋeanaḋ air Dhóḃran Donn Loċafóil (Feaḃla) ⁊ go d-taḃairfeaḋ seisean tárṫail dóiḃṫe. Shiúḃail siad leó go raḃ siad ins an Dóṁan Shoir ⁊ go d-táinic siad go cúirt ⁊ caisleán Chinn Ghruagaiġ na g-Cleasann. Ḃí sé féin air siúbal aig seilg, ⁊ is aṁlaiḋ mar fuair siad an ḃean a d’ḟuaduiġ sé ’o Dhonn Ṁac A’ Díorfaiġ aig ciaraḋ a cinn le cíar óir ⁊ í ’na suiḋe i g-caṫaoir airgid. Ḃí luaṫġair ṁór uirri rómpa ⁊ nuair a ṫáinic an tráṫnóna ċuir sí i ḃ-folaċ iad. Coṁ luaṫ ⁊ ṫáinic an Gruagaċ isteaċ air an doras “Fud, fad, féusóige, moṫuiġim bolaḋ an Éirionnaiġ ḃinn ḃréugaiġ in mo ṫiġ-se” ars seisean. “Bubo!” ars an ḃean naċ ḃ-fuil a ḟios agat go moṫóċaiḋ tú bolaḋ ’Eirionnaiġ in do tiġ coṁ fada ⁊ ḃéiḋeas mise ann.

Air maidin lá air na ḃáraċ, sul ar imṫiġ an Gruagaċ a ṡeilg d’ḟiafruiġ an ḃean de cá raḃ a anam ⁊ d’innis sé dí go raḃ sé faoi leic an dorais. Aig teaċt aḃaile ḋó, tráṫnóna, fuair sé leac an dorais cúṁduiġṫe le síoda ⁊ sról ⁊ d’ḟiafruiġ sé cad é an fáṫ a raḃ sin deanta. Duḃairt an ḃean leis gur mar ġeall airsean a riġne sí é. Chuir so áṫas mór air ⁊ duḃairt sé gur ċosaṁail dá m-beiḋeaḋ a ḟios aicí ca raḃ a anam go m-beiḋeaḋ sí go maiṫ ḋó. Leig sí uirrí go raḃ fearg uirrí mar nár innis sé an ḟírinne ḋí. Sul ar imṫiġ sé air maidin lá air n-a ḃáraċ d’ḟeuċ sí faġail amaċ uaiḋ cá raḃ a anam ⁊ duḃairt sé leiṫe gur i g-carraig ṁóir air ċúl an tiġe ḃí sé. Chúṁduiġ sí an ċarraig le síoda ⁊ sról ⁊ nuair a ṫainic an Gruagaċ aḃaile tráṫnóna leig sé gáire as air ċruṫ go ḃ-feicfea an dúradan duḃ a ḃí ṡíos air ṫóin a ġaile. D’ḟiosruiġ an ḃean cad é aḋḃar a ġáire ⁊ duḃairt sé gur fa’n ċóruġaḋ deas a riġne sí air an ċarraig ⁊ gur ḃ-feasaċ dó anois dá m-beiḋeaḋ a ḟios aicí cá raḃ a anam go n-deanfaḋ sí an-ṁór de. Leig sí uirrí go raḃ fearg ⁊ mí-ṡásaḋ mór uirrí ⁊ annsin d’innis sé dí go raḃ crann fuinnseoige ins an ġárraiḋ; istiġ ins an ċrann go raḃ reiṫe ⁊ ins an reiṫe go raḃ laċa ⁊ ins an laċa go raḃ uḃ ⁊ naċ muirḃṫiḋe eisean a ċoiḋċe go m-buailfiḋe leis an uḃ sin é ós coinne an dúradain duḃ a ḃí air ṫóin a ġoile ⁊ mar sin de gur ṡaoil sé go raḃ léas aige cóṁ fada air a ṡaoġal ⁊ ḃí aig aon ḟear eile faoi an dóṁan.

Cóṁ luaṫ lá air n-a ḃáraċ ⁊ ṁeas Donn Mhac a’ Díorfaiġ go raḃ an Gruagaċ fad mór as baile fuair sé an tuaġ ḃriste ḃeárnaċ a ḃí aig an Ġruagaċ faoi ċolḃa a leapṫa ⁊ ṫoisiġ sé aig gearraḋ an ċrainn fuinnseoige ⁊ le gaċ buille d’ar buaileaḋ air an ċrann leis an tuaiġ ḃearnaċ ċaill an Gruagaċ neart céad fear ⁊ ċóṁ luaṫ ⁊ ṁoṫuiġ sé é fein aig fás lag ṫug sé iarraiḋ air an ḃaile. Nuair a ċuaiḋ aig Donn an