Irish Minstrelsy Vol 2/Súil cabhrach Eireann

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Irish Minstrelsy, Vol. 2
Súil cabhrach Eireann
[ 36 ]

SUIL CABHRACH EIREANN.


Air maidin gacha luain, bídhim air mearbhall suain,
’S mé ag amharc uaim air na maol-chnoic,
Mar nach clúinim an uaill, ag tarraing chum cuain,
Ná lámhach gunnaídhe-mór a m-Bínn Eadair;—
Muna d-tagad síbh go luath, beidh ar namhuid-ne go
buan,
A ngradam ró mhór a’ n-Eirinn.
’S beidh clanna fir go fuar, fliuch, ag obair faoí
dhualgas,
’S a Mhuire nach truaigh súd Gaodhail bhocht’.

Is fada sinn ag súil libh, ’n ár g-codla ’s ’n ár n-dúsgadh,
Sibh-si theacht chúgainn go h-Eirinn,
An ghasraidh lúthmhar, do ghlanfadh an smúit dhínn,
A’s an t-sean-chulaith chúmhaidh tá air Ghaedhil
bhocht’;—

[ 38 ]

Dá bh-feicfeamaoís bhur g-congnadh, ag treascradh na
g-cúl-phoc,
Agus Carolus a d-tús na scléipe;
Bhiadh allamhar trúpmhar, ag seinneadh galltrómpa
Air shliabh na m-ban bh-fionn ’s air chnoc greíne.

’S dá d-tagadh sibh-se chúgainne, ní theibfeadh ar
g-cóngnadh,
Bhiadh feara na dúithche ann a léine;
Bh-fuil o Dhaingean uí Chúis, go cilldaraich an chúrsá,
Bhiadh Conacht agus cóige Uladh ag éiliomh;—
Bhiadh tuilleadh fós nach dúbhras, ag tarraing tar
triúch chughainn,
Go lannamhar, lúthmhar, éudtrom,
Buain allais as an g-cuanfhuirt, do lagaidh ar
g-congnadh,
’S beidh Donchadh agus Una ag á cheíle.

Dá n-gabhadh clanna Néill, a sciath a’s a g-cloídheamh,
Agus prionnsa na n-Gaodhal Mac Cárthaich,
Bhiadh O’Suilliobháin Bhéara, ag tarraing go tréun
chúgainn,
Agus Mac-con-Mara ná’r thréig riamh a cháirde;—

[ 40 ]

Beidh O’Murchaidh laíghean, d’á ghreadadh go bínn,
Mac Amhálgha agus oíghre na Bláirne,
Beidh an chleach ag Sadhbh, a’s ann a bárr a bheidheas
saíghiott,
Beidh ar namhaid agus aghaidh a b-poíll a n-áirde.

Foíllseóchaidh Gearróitt, agus déanfaidh se cullóid,
Gídh gur fada é a b-Piollóir na druídheachta;—
Biadh ar scéul-ne corcóir, ’n Eirinn ag boicht fós,
Agus crochfaidhear a bh-fuil beódh dhe’n t-síol úd;—
Gheabhaidh siad lom-ghleódh, ’n íochdar gan fonn spóirt,
’N ionad gach sógh dobhídh aca,
Gan chóiste, gan chronóig, gan fhíon, gan mhairt-fheóil,
Agus guídhídh le’m sceól gabhail thímchioll.