Eshirt/1

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Eshirt by Peadar Ua Laoghaire
CÚSH GHÁIRI IG ESHIRT.
[ 1 ]

ESHIRT.

CAIBIDIL A HÄN.

CÚSH GHÁIRI IG ESHIRT.

Tamal muar ruim ayimshir Chúchuluing agus Vév agus Chruchúir, ry Ula, ví ry eli er Últuiv agus Fearagas mac Lédi b’ainim dò. Sho mar a der an Silva Gadelica ’na häv: “Rí fírén forglide fírbrethach ro gabastair flaithes 5 ocus forlámas for clannaib rathmara Rudraige .i. Fergus mac Léite mhic Rudraige.” Nú mar a diàrfy inìsh: “Ry fíoränta deinvrehach fíorvrehach a ghoiv flahas agus forlâvas er chlanuiv rafara Rúry, shé shin, 10 Fearagas mac Lédi vic Rúry.”

Ghin an Fearagas sun fleah vuar a nEâuin Vacha, agus ví maha agus muar-ueshli Ula cruingihi ige a cahav na flehi shin.

Le líng na flehi shin a veh a nEâuin Vacha 15 ví fleah eli ig ry eli san áit er a dugtí Tuaha Luchra agus Luprachán. Duíni ana-veoga b’ea tuaha Luchra agus Luprachán. Ní roiv na fir ba vó orha puíng har lea-truig er írdi. Údán mac Oudáin ab ainim don ry a ví 20 [ 2 ]orha. Ví Údán leah-órlach go mah nís írdi ná än ear dá hlua, agus ví shé cúmha córach dá raer shin. Fear ana-ghahûil, ana-ryga, dob’ ea é. Víodar go lér ana-ghahûil, 25ana-ghea-chúmha, ach ní roiv än vreh ig éngi acù er an ry. Grueg chas ghuv ish ea ví er an ry, agus grueg vreá ún a ví er an ili ear eli dá roiv sa tír shin. Mar ba chy agus mar ba chóir do ry, ví cahvilí triàna ig Údán 30as ciún a hlóiti muara líonvara. Shid iad na priúnsy ba vó agus dob’ ueshli a ví er na cahvilív shin. Ví shacht caha muara d’earuiv triàna calama ig Údán. Ví Conán mac Ruihid ’na rí féngi er chah ghíov sun. Ví 35Giàrchú mac Gairid ’na rí féngi er chah eli. Ví Rybeog mac Róvig ’na rí féngi er chah eli. Ví Glúnán mac Gabaruin ’na rí féngi er chah eli. Ví Luigín mac Luig’d ’na rí féngi er chah eli. Ví Feoul 40mac Feóirín ’na rí féngi er chah eli. Ví Bran mac Luen ’na rí féngi er chah eli. Agus ví a lán d’ueshliv cróga, míleata, cahvuacha ’na dyshachuiv airim fúha sun sa vuar-hlua líonvar sun Údáin. Ví än 45ear aváin aun, triàn-ear an ry, agus níor v’édir än ear d’áil er huehiv Luchra agus Luprachán a ví a n-än ghär do veh chô láidir lesh. Ghineach shé gníov nár v’édir d’än ear eli a ghiànav. Do leagach shé feóchadán 50le hän vuili aváin dá chlyv! Do leahach [ 3 ]a súili er na fearuiv eli nuer a chídísh an gníov sun. Glómar mac Glaish mic Glomaruidi b’ainim don ear sun. Uereanta, nuer a víoch gleacycht er shúl acù, hagach na fir eli ’na hímpal a diaruig é leaga, ach ní 55 leagtí é go dí go míoch an dáryàg ba hreshi acù chuigi. Nú mar a der an shgiàl “Víoch feim an dá ear diàg acu sùn a trasguirt an ir shin.”

Do líon na hueshli go lér, agus na ruíhi 60 féngi, agus na tuíshig airim, agus na maha muara, ishdeàch sa ry-heach a vochuir an Árdry Údán. Do hig an tÁrdry ’na chahír ryga. Do hig an rygan, Bébó, er ghesh an Árdry. Do cuireag Eshirt, b’é shin 65 árd-olav Údáin, er a lâiv chlé. Do cuireag Beog mac Big, b’é shin táinisht an Árdry, er ayig an Árdry amàch, er a däv haul den ry-heach. Agus do cuireag an triàn-ear, Glómar mac Glaish mic Glomaruidi, ’na hí 70 a n-aici an doruish, a dreó, dá dagach nâuid go dí an doras, nár väl go diucach shé hairish shin ishdeàch. Ansùn do cuireag an chuideàchda go lér ’na sy, muar-hímpal an ry-hí, do raer onóra, agus tedil, agus ueshleachda. 75 Ansùn do buineag na cíng-veoga des na douchuiv leana, shé shin le rá, do buineag na sbiocóidí às na bairilív leana, agus do háinig an locht frihálú agus do roingeadar er a guideàchduin shin liún breá blasda a ví 80 [ 4 ]a vad ins na bairilív agus a ví go borab agus go láidir agus go mishgiûil.

Víodar go lér ag ól er feag tamuil. Ansùn do hosanuig an deoch fónta sun er ghol suas 85 sa cheaun acù agus ba gheár go roiv an ili ghuini acù súgach go mah agus fún cayinti a teacht er. Ba gheár ná roiv sa teylach er fad ach än gheóin aváin cayinti agus cur trí chéli.

90 Ansùn d’eirig an tÁrdry, Údán, ’na heasav, chun cayinti ghiànav lesh a guideàchduin. Der an shgiàl ná roiv er huehiv Luchra agus Luprachán cayinteóir ba víshli, ba ghunta, ba vingi, ba cheólvuiri ná é. 95 Ví an coran breac ’na lâiv ige. Ví’s ig an guideàchduin go roiv rod égin fónta le teacht nuer a chnucadar an coran breac a lâiv an Árdry. D’eirig Beog mac Big, táinisht an Árdry, haul ’na chuingiv. B’é 100 shin dualgas an táinishdi, ag onórú an Árdry. Do louir an tÁrdry, agus sho mar a duert shé:—

“A vaha agus a vuar-ueshli agus a ruíhi tuaha Luchra agus Luprachán, is mó ry 105 uasal árdchôchdach a chnucúirshi a nÉring ryav. Ba vuar é a ngradam. Ba vuar é a gáil. Ba vuar é a sevireas. Ba líonvar iad a slóiti. Ba láidir agus ba chalama iad a gury triàna chun caha agus chun cruachôruic.110 Ba vah iad na ruíhi shin agus na [ 5 ]hárdruíhi shin, chun na Hérean a chosnav, chun smachda chur a veim, chun óir agus shiàda ueshli do vrona er locht filíochda agus er locht ceóil agus er locht alyn, agus ba vah iad a gury triàna a courú leó a ngach 115 dea-ghníov agus a ngach dei-reacht agus a ngach obuir vuar, chôchdach, hairifeach dá míoch beartuihi acù. Ach fiarhím an méd sho ghív, a vaha agus a vuar-ueshli, agus a rygra míleata. A veacúir ryav, orha 120 go lér, ry do-b’eár ná mishi?”

“Dar do hílshi, ’Árdry uasil, ní eacamuir,” er shiad go lér d’än ghuh.

“A veacúir ryav,” er shishan, “triàn-ear dob’eár ná mo hriàn-ear?” 125

“Ní eacamuir!” er shiad.

“A veacúir ryav,” er shishan, “cura ná cahvili dob’eár ná éngi des na curuív agus des na cahvilív atá sa tig sho anòcht?”

“Dar ár mriahar ní eacamuir!” er 130 shiad.

“Dar mo vriahar, agus tuguim briahar ry lesh,” er shishan, “ná fuil an chôcht sun le fáil d’iatach duíni ná olavahas a vreh as a dig sho anòcht er égin, trí ous na gahvilí 135 agus na driàn-ear atá aguìng, trí umad ár gury galama agus ár ruíhi féngi mear-voraba, mear-láidiri, muar-ghnîocha.”

Ví Eshirt, an t-olav, ’na hí a n-aici an Árdry. Nuer airi shé an chayint vuíteach 140 [ 6 ]sun, níor iad shé gan shgearta gáiri chur às. D’airig an chuideàchda go lér an shgearta gáiri shin. Do sdad an tÁrdry agus é dá hachda le ferig.

145“Cad fé neara ghoit an gháiri shin a ghiànav, a rí-olav?” ersan ry.

“Níor iadas gan gáiri ghiànav, ’Árdry,” ersa Eshirt, “mar is ól dôsa än chúig’ aváin a nÉring, agus tá fir aun, agus dá dagach fear 150 acù ansò an’ änar anòcht, do viàrhach shé lesh, er égin, duíni agus olavahas uetshi agus ó na shacht cahiv cróga so de huehiv Luchra agus Luprachán atá ad’ hímpal ansò inìsh!”

155“Goutar an t-olav láirhach,” ersa Údán, “go niànfar díoltas er mar gheaul er a gayint ví-chysach, easonóireach sun atá diànta ige!”

Do rugag láirhach er Eshirt agus do 160 ceangalag é.

“Is olc an obuir í sho atá diànta agùt oramsa anòcht, ’Údáin,” ersa Eshirt, “agus is muar na huilc atá le teacht às do ghníov. De vár na gvála so atá diànta agùt oramsa 165 anòcht beg tusa fén blien a lâiv a nEâuin Vacha agus ní hucuir às gan rou do hiàd agus do vuíni ágáilt at’ ghieg aun. De vár na gvála so atá diànta agùt oramsa ish ea hitig Cofach Cas, mac ry Mûn, agus Ochuig mac Néd, 170 mac ry Layn. Tiucuig mo chiun den olc [ 7 ]oramsa fén, mar be mé a dig Earaguish vic Lédi agus bèad a snáv sa choran, muar-hímpal, agus is beog ná go máfar aun mi. Ach túir cáirdi trí lá agus trí íhi ghom inìsh, agus rayd go Hâuin Vacha, go tig 175 Earaguish vic Lédi, agus ansùn mura dugad chútsa ansò côrha so-aihini a hisbeánhig doit gur louras fíringi nuer a duart an chayint úd, fiata shiv úr rou cor a húirt dom.”180

“Sguílig dò,” ersan ry.

Do sguíleag dè láirhach.

D’eiri shé agus d’ola shé é fén chun glueshti. Chuir she imi, ishdìg lena chroicean gheal, léni de hról vreá vog uasal.185 Chuir shé imi, lasmùh de’n léni shin, ionar, shé shin vesht, nú sórd casóigi bigi do lych ishdeàch go deas agus go hiriûnach lena chouil. Chuir shé imi, lasmùh de’n ionar, brat nú clóca ’na roiv tainghav corcara aun 190 agus ciûish óir muar-hímpal lesh, agus a dah agus a diànav er dob’eár ab édir áil a Dír na Viún. Ansún do chuir shé idir a hruihi agus talav a ghá vróig gheasa, chóracha, a ví diànta d’iúndruini, agus órnáidí óir orha.195 Ansùn do hóg shé ’na lâiv a leasc ileata, sórd slaiti a ví diànta d’iúndruini, agus nuer a croití an tlat son ghineach shí fuem breá bíng ceóil. Ansùn do ghluesh shé agus níor v’ada an vuíl er dol go Hâuin Vacha 200