Page:Eshirt (Ó Laeri).djvu/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
5
CÚSH GHÁIRI IG ESHIRT.

hárdruíhi shin, chun na Hérean a chosnav, chun smachda chur a veim, chun óir agus shiàda ueshli do vrona er locht filíochda agus er locht ceóil agus er locht alyn, agus ba vah iad a gury triàna a courú leó a ngach 115 dea-ghníov agus a ngach dei-reacht agus a ngach obuir vuar, chôchdach, hairifeach dá míoch beartuihi acù. Ach fiarhím an méd sho ghív, a vaha agus a vuar-ueshli, agus a rygra míleata. A veacúir ryav, orha 120 go lér, ry do-b’eár ná mishi?”

“Dar do hílshi, ’Árdry uasil, ní eacamuir,” er shiad go lér d’än ghuh.

“A veacúir ryav,” er shishan, “triàn-ear dob’eár ná mo hriàn-ear?” 125

“Ní eacamuir!” er shiad.

“A veacúir ryav,” er shishan, “cura ná cahvili dob’eár ná éngi des na curuív agus des na cahvilív atá sa tig sho anòcht?”

“Dar ár mriahar ní eacamuir!” er 130 shiad.

“Dar mo vriahar, agus tuguim briahar ry lesh,” er shishan, “ná fuil an chôcht sun le fáil d’iatach duíni ná olavahas a vreh as a dig sho anòcht er égin, trí ous na gahvilí 135 agus na driàn-ear atá aguìng, trí umad ár gury galama agus ár ruíhi féngi mear-voraba, mear-láidiri, muar-ghnîocha.”

Ví Eshirt, an t-olav, ’na hí a n-aici an Árdry. Nuer airi shé an chayint vuíteach 140