Page:Eshirt (Ó Laeri).djvu/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

ESHIRT.

CAIBIDIL A HÄN.

CÚSH GHÁIRI IG ESHIRT.

Tamal muar ruim ayimshir Chúchuluing agus Vév agus Chruchúir, ry Ula, ví ry eli er Últuiv agus Fearagas mac Lédi b’ainim dò. Sho mar a der an Silva Gadelica ’na häv: “Rí fírén forglide fírbrethach ro gabastair flaithes 5 ocus forlámas for clannaib rathmara Rudraige .i. Fergus mac Léite mhic Rudraige.” Nú mar a diàrfy inìsh: “Ry fíoränta deinvrehach fíorvrehach a ghoiv flahas agus forlâvas er chlanuiv rafara Rúry, shé shin, 10 Fearagas mac Lédi vic Rúry.”

Ghin an Fearagas sun fleah vuar a nEâuin Vacha, agus ví maha agus muar-ueshli Ula cruingihi ige a cahav na flehi shin.

Le líng na flehi shin a veh a nEâuin Vacha 15 ví fleah eli ig ry eli san áit er a dugtí Tuaha Luchra agus Luprachán. Duíni ana-veoga b’ea tuaha Luchra agus Luprachán. Ní roiv na fir ba vó orha puíng har lea-truig er írdi. Údán mac Oudáin ab ainim don ry a ví 20