Caoimhghin Ó Cearnaigh/14

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Caoimhghin Ó Cearnaigh by Liam Pádraig Ó Riain
Na Seandaoine i gCruadh-Chás
[ 51 ]

CAIB. a XIV.—NA SEANDAOINE I gCRUAḊ-ĊÁS.

Do ċruaiḋ an saoġal ar Lorcán Ó Cearnaiġ agus ar a ṁnaoi ar an ḃfeilm ḃig i gCluaintobair. Ḃíoḋ Lorcán ag obair go moċ mall, aċt ḃí sé ag éirġe aosta agus ní raiḃ an sean-ḟuinneaṁ ann ná an tsean-ċlisteaċt aige, agus dá ḃríġ sin níor éiriġ leis leaṫ ċoṁ maiṫ agus d' éiriġ roiṁe sin. Diaiḋ ar ndiaiḋ do ċruaiḋ an saoġal orṫa go mór.

Ċeap an ḃeirt ṁac go mb'ḟearr dóiḃ dul go h-Aimeirioca, agus ċuaḋar. Tamall 'na ḋiaiḋ sin ċuaiḋ an ḃeirt inġean ann mar an gcéadna. Duḃradar ar imṫeaċt dóiḃ [ 52 ]go mbéaḋ an-ċongnaṁ le fáġail ag an aṫair agus an ṁáṫair uaṫa. Aċt is doiliġ go leor a ḃí a saoġal san Oileán Úr ar feaḋ cúpla bliaḋan.

Níor ċuireadar i n-úil do Ċaoiṁġín go raḃadar ag imṫeaċt. Ḃí ḟios aca go maiṫ go mbéaḋ fearg agus brón air faoi a n-imṫeaċt, gioḋ naċ raiḃ—nó ċeapadar naċ raiḃ—sliġe beaṫaḋ le fáġail sa mbaile aca. Agus ċeap an t-aṫair agus an ṁáṫair go mb'ḟearr an sgéal a ṡéanaḋ air ċóṁ fada agus do b'ḟéidir leo é.

Ṫáinig iongnaḋ orṫa faoi nár sgríoḃ Caoiṁġín ċuċa aċt corr-uair tar éis an Oireaċtais. Annsin d' imṫiġ na míosa agus níor ṫáinig cúntas ar biṫ uaiḋ. Duḃairt sé rud éigin fá an “leaḃar” ar dtús, agus ṡaoileadar ar uairiḃ gurḃ é siúd an fáṫ faoi nár sgríoḃ sé. Ṁeasadar gur obair ṁillteaċ ṁór í, leaḃar do ċumaḋ agus do ċur le ċéile. Nuair ṫáinig na coṁarsana isteaċ san oiḋċe ḃí an-tráċt i dtaoiḃ an leaḃair aca.

“Béiḋ teine cnáṁ againn ċóṁ luaṫ i n-Éirinn agus a ṫiocfas an leaḃar amaċ,” ar Máirtín Gréasaiḋe. “Béiḋ Cluaintobair faoi ċlú ar fud na h-Éireann feasta. A leiṫéid de ġníoṁ ní ḋearna fear as Cluaintobair ó ḃí Áḋaṁ 'na ḃaitsiléar. Ag baint ṗrátaí agus ag déanaṁ bróg agus ag innsint sgéal—sin é ḃí Cluaintobair a ḋéanaṁ le sinnsearaiḃ. Anois is féidir le Cluaintobair a ráḋ—nó béiḋ, i gceann tamaillín—‘tá leaḃar déanta agam.’”

“Cé an saġas leaḃair é, a Lorcáin?” ar Seán Gaḃa. “'Mbéiḋ aon rud fá ṗiseoga nó fá ṫaiḋḃsí nó fá na síḋeoga ann?”

“Ní ḟeadar 'an tsaoġal, a Ṡeáin,” ar Lorcán. “Ní duḃairt Caoiṁġín aon rud 'na ṫaoiḃ aċt aṁáin go raiḃ sé d'á sgríoḃaḋ. Is fada ó duḃairt sé an méid sin, agus tá súil agam go ḃfuil an leaḃar críoċnuiġṫe anois.”

“Ná bí ag tráċt ar ṗiseoga ná ar ṫaiḋḃsí,” ar Máirtín. “Ní ar rudaí de'n tsórd sin a ḃéaḋ fear óg, léiġeannta ag tráċt 'na leaḃar. Ní ċuireann muinntir Ḃaile Áṫa Cliaṫ aon tsuim i bpiseoga, agus ní ḟacadar taiḋḃse ariaṁ.”

“Cá ḃfios duit náċ ḃfacadar?” ar Seán.

“Tá ḟios ag an saoġal naċ féidir le taiḋḃse dul ṫar uisge atá 'na riṫ,” ar Máirtín. “Tá uisge ag riṫ idir Cluaintobair agus Baile Áṫa Cliaṫ.” [ 53 ]“Aċt ḃḟéidir go ḃfuil taiḋḃsí ar an taoḃ ṫall de'n uisge,” ar Seán.

“B'ḟéidir go ḃfuil agus b'ḟéidir naċ ḃfuil,” ar Máirtín. “Níor ċualas ariaṁ go raiḃ taiḋḃsí le feicsint ins na bailte móra. Aċt ḃíoḋ siad ann nó ḃíoḋ siad as ní orṫa-san a ḃéas Caoiṁġín ag cur síos.”

“Agus cé'n rud a mbéiḋ sé ag cur síos air?” ar duine.

“Ní ḟeadar,” ar Máirtín. “Ní léir dam cé an saġas áite í Tír na nÓg. Ní léir dam cad tá ceilte i n-intinn duine mar Ċaoiṁġín aċt ċóṁ beag. Aċt tá ḟios agam go maiṫ go ḃfuil rud mór dá ḋéanaṁ aige. Is iongantaċ an saoġal é. Támuid annso cois na teineaḋ, daoine simpliḋe mar atáimid, ag smaoineaḋ ar ṗrátaí agus ar ṗiseoga, agus tá obair dá déanaṁ i mBaile Áṫa Cliaṫ a ċuirfeas clú orainn go léir. Béiḋ gaċ aoinne sa gcaṫair ṁór dár molaḋ.”

“'Seaḋ,” ar Seán, “béiḋ éileaṁ mór i mBaile Áṫa Cliaṫ annsin ar ḃróga é láiṁ Ṁáirtín. Béiḋ siad ag teastáil ó gaċ fear uasal. Ní béiḋ tú i n-ann teaċt ar ċuairdiḋeaċt annsin, a Ṁáirtín, béiḋ tú ċóṁ gnóṫaċ sin.”

“Oċ is furus do ḋuine a ḃeiṫ ag déanaṁ grinn,” ar Máirtín, “aċt ní greann atá sa sgéal aċt glóire. Gan ḟios dúinn féin tá clú ár bparáisde bige ag fás do ló as d' oiḋċe, díreaċ mar a ḃíonn na bláṫanna ag fás faoi ṫalaṁ sa ngeiṁreaḋ, nuair naċ dóiġ le n-a lán againn go ḃfuil siad ann ar ċor ar biṫ. Is cóir dúinn ḃeiṫ áṫasaċ faoi an leaḃar mór——”

“Ṁuise, a Ṁáirtín a ċroiḋe,” ar Máire, máṫair Ċaoiṁġín, “is beag áṫas atá orm-sa faoi an leaḃar céadna, cibé rud atá ann nó as, agus is truaġ liom go ḃfuil Caoiṁġín i n-ann é sgríoḃaḋ, nó i n-ann aon leaḃar a sgríoḃaḋ. B'ḟearr liom gan dúil a ḃeiṫ aige i n-aon rud de'n tsórd sin, óir annsin ḃéaḋ sé annso i n-ár measg againn.” Agus do ċrom sí ar gol.

“Óċ, ná bíoḋ ceist ort, a Ṁáire,” ar Máirtín. “Tá Caoiṁġín ag déanaṁ go breáġ, agus níl Baile Áṫa Cliaṫ i ḃfad uainn. Aċt dar ndóiġ is deacair na mná do ṡásaṁ i gcoṁnuiḋe. Dá mbéaḋ mac agam-sa agus é i n-ann leaḃar do sgríoḃaḋ ḃéinn ag léimneaċ as mo ċorp.”

“Is suaraċ leaḃar do ċroiḋe ṁáṫar i gcóiṁṁeas le mac,” ar Máire. “Óċ is orm a ḃí eagla i gcoṁnuiḋe fá [ 54 ]na leaḃra céadna. Agus anois tá mo ṁac dil imṫiġṫe uaim go deo mar ġeall orṫa.”

“Ná h-abair é sin, a Ṁáire,” ar Seán. “Níl Caoiṁġín imṫiġṫe go deo, na imṫiġṫe uait i n-aon ċor, aċt anonn go Baile Áṫa Cliaṫ. Agus tá obair ṁór dá déanaṁ aige. Gan aṁras béiḋ Cluaintobair fá ċlú mar ġeall ar an obair ċéadna.”

Do ċrom Máire a ceann agus níor laḃair sí a ṫuilleaḋ.

Tar éis imṫeaċt do na coṁarsana d' ḟan Lorcán agus Máire 'na suiḋe cois na teineaḋ ar feaḋ i ḃfad, ag cur a's ag cúiteaṁ fá na cruaiḋ-ċeisteanna a ḃí ag déanaṁ buaiḋearṫa dóiḃ. Ḃí fiaċa orṫa le fada agus ḃí imniḋe orṫa i dtaoiḃ an ċíosa. An beagán airgid a ḃí bailiġṫe aca b'éigin dóiḃ í ṫaḃairt do'n ḃeirt inġean i gcóir costais a dtriallta go h-Aimeirioca. Níor ṁaiṫ leo a gcruaḋ-ċás a ċur i n-úil do na coṁarsana, agus buḋ ḋeacair dóiḃ a ċur i n-úil do Ċaoiṁġín—níor sgríoḃ ceaċtar aca oiread agus nóta le daċad bliaḋain. Agus buḋ olc leo a ḃeiṫ ag casaoid.

“Is cóir dúinn beiṫ foiġdeaċ,” ar Máire sa deire. “Is giorra caḃair Dé 'ná an dorus.”