Caoimhghin Ó Cearnaigh/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Caoimhghin Ó Cearnaigh by Liam Pádraig Ó Riain
An Socrughadh
[ 54 ]

CAIB. a XV.—AN SOCRUĠAḊ.

Ḃí an leaḃar agus ceisteanna a ḃain leis an leaḃar, agus ceisteanna eile naċ iad, ag déanaṁ buaiḋearṫa do Ċaoiṁġín. Aċt ċuir sé roiṁe go minic i riṫ na bliaḋna litir a ċur ag triall ar a aṫair agus a ṁáṫair. Ṫóg sé peann agus páipéar ar uairiḃ agus duḃairt leis féin gur ṁiṫid dó tosnuġaḋ. Aċt ċuir sé ar aṫ-lá é. Níor ṁaiṫ leis sgríoḃaḋ ċuċa gan tráċt fá Úna a ḃeiṫ sa litir, aċt níor ḟéad sé a leiṫéid do déanaṁ go fóill. Níor ṁian leis ċur i n-úil dóiḃ go raiḃ fonn pósta air. Ḃí saġas náire air faoi sin. Duḃairt sé leis féin gurḃ aisteaċ an rud é náire ar biṫ a ḃeiṫ air faoi an sgéal d' innsint dóiḃ, aċt 'na ḋiaiḋ sin a's uile ḃí náire air agus ní raiḃ leiġeas aige air.

Ḃí ḟios aige gurḃ aisteaċ ar fad iad baraṁla sean-daoine i gCluaintobair i dtaoiḃ an ġráḋa agus i dtaoiḃ pósta—pósaḋ na n-ógán go h-áiriṫe. Ċeapadar nár ċeart [ 55 ]ná Críostaṁail é, buaċaillí agus cailíní a ḃeiṫ mór le n-a ċéile, ná fonn pósta ḃeiṫ orṫa. Dá ḃríġ sin ḃí náire ar na daoine óga i dtaoiḃ gráḋa agus pósta. Ba ṁór an t-aṫrú a ḃí tagaiṫe ar intinn Ċaoiṁġín ó d'ḟág sé slán ag Cluaintobair, aċt níor ḟág sé slán ag a ḋúṫcas.

Ḃí troid ar siuḃal 'na intinn i dtaoiḃ an ġráḋa. D' adṁuiġ a intleaċt nárḃ uasal, tairḃeaċ an rud an gráḋ céadna. D' aontuiġ sé le n-a raiḃ le ráḋ ag na múinteoirí móra agus na saoiṫe naoṁṫa 'na ṫaoiḃ. Ba h-aoiḃinn agus ba h-acraċ do ċuid ṁór de'n ċineaḋ daonna é, aċt ḃí daoine ann agus b' ḟearr go mór dóiḃ ḃeiṫ gan é. Ḃí obair ṁór, neaṁ-ċoitċeann le déanaṁ aca; ḃí sé riaċtanaċ orṫa an gráḋ do ṡeaċaint, agus leanaṁaint go meisneaṁail ar an mbealaċ mór, uaigneaċ gur ḋual dóiḃ a leanaṁaint air. Is minic i gciúineas na h-oiḋċe d' éiriġ árd-aoiḃneas agus sár-ṡonas i n-intinn Ċaoiṁġín; d' éiriġeadar ċóṁ mór sin a's nár ṁoṫuiġ sé go raiḃ an “gnáṫ-ḋuine” ná an gnáṫ-ṡaoġal ann i n-aon ċor. Ba léir dó annsin an árd-ḃeaṫa a ḃí le fáġail aige, dá mb' áil leis í; ba léir dó gur ḃeaṫa gan gráḋ í. Ḃí a intinn socruiġṫe ar feaḋ tamaill. Aċt annsin do ṫiocfaḋ smaointe ar áilneaċt agus ar ġráḋṁaireaċt Úna, do ṫiocfaḋ na smaointe sin mar ṫuinn agus mar ṫuile na fairrge. Ba léir dó annsin naċ raiḃ uaiḋ aċt í.

Tar éis morán litreaċa do ċur ċuiċe agus morán litreaċa a ḟáġail uaiṫe ċuaiḋ sé ar cuaird ċuiċe go Fine Gall lá. Ní raiḃ aon rud socruiġṫe aca fós, agus ḃí obair Ċaoiṁġín trí n-a ċéile. Anois agus arís do ċrom sé le fuinneaṁ ar ċumaḋ agus sgríḃneoireaċt an leaḃair, agus d' éiriġ leis go breaġ ar feaḋ tamaill. 'Ná ḋiaiḋ sin ní raiḃ sé 'na ċumas leaṫanaċ a sgríoḃaḋ i riṫ seaċtṁaine, mar ġeall ar an tuirse do ċuir obair an ṗáipéir air agus an draoiḋeaċt do ċuir Úna air.

Ċuadar go bruaċ na fairrge arís, agus do b' ḟada an seanċus a ḃí eatorṫa annsin. Ḃí Úna níḋ ba ḋeis-ḃéalaiġe 'ná riaṁ, aċt ar tagairt do'n ṗósaḋ do Ċaoiṁġín d' éiriġ sí sgáṫṁar. Ċuir sí i n-úil dó an imniḋe agus an eagla a ḃí uirṫe roiṁ an bpósaḋ. I ndeireaḋ na dála d' adṁuiġ Caoiṁġín 'na intinn féin go raiḃ an ceart aici.

“Béiḋmid go gráḋṁar dá ċéile i gcoṁnuiḋe, a Ċaoiṁġín,” ar sise. “Béad-sa ag obair imeasg na [ 56 ]mboċt, béiḋ tusa ag obair go bríoġṁar ar son na h-Éireann agus ar son do ṁuinntire féin, agus go lá ár mbáis——”

Do stad sí. Níor ḃ'ḟéidir léi a ṫuilleaḋ do ráḋ.

“Ar son do ṁuinntire féin.” Ar gclos na ḃfocal sin do Ċaoiṁġín ċuiṁniġ sé ar a aṫair agus ar a ṁáṫair i gCluaintobair. Ba ḃeag an méid oibre a rinne sé ar a son le déanaiġe. Ba ṁór an náire dó é sin, ar seisean leis féin. Ċuiṁniġ sé ar a ndearnadar i n-aimsir a óige ar a ṡon-san, an t-ualaċ agus an méid ḟulaing a ḃí orṫa, agus ċóṁ foiġdeaċ agus ċóṁ sásta agus do ḃíodar ċóṁ fada agus do ḃí seisean ag fáġail an oideaċais. Aċt an t-am so, agus iad ag éirġe aosta, rinne sé dearmad orṫa! 'Seaḋ. Ḃí an ceart ag Úna. Milleaḋ carṫannaċta a b'eaḋ an gráḋ. Ċuir sé an t-anam ó raṫ. Do ḋíbir sé ċóṁ-ṁoṫú.

Ċuiṁniġ Caoiṁġín ar an méid mór feallsaṁnaċta a ḃí léiġṫe agus sgrúduiġṫe aige ó ṫeaċt go Baile Áṫa Cliaṫ dó. Dá ṁéid é ba ḃeag an maiṫeas dó é, óir ba léir dó go raiḃ sé ag cur an iomarca suime ann féin.

D'éiriġ sé 'na ṡeasaṁ. Do ċrom sé a ċeann agus do ṗóg sé Úna.

“Tá an ceart agat, a Úna, agus bíonn an ceart agat i gcoṁnuiḋe,” ar seisean. “Rinne mé dearmad ar Éirinn agus ar mo ṁuinntir féin, agus ar gaċ rud aċt aṁáin mé féin.”

Ċuaiḋ sé go dtí an áit i raiḃ a roṫar. Do léim sé air, agus súd amaċ é.

Ċuir sé dá ṁíle de'n ḃóṫar de. Annsin do stad sé ċoṁ h-obann sin gur ḃeag nár ṫuit sé ar an talaṁ. Léim sé anuas, agus d' iompuiġ sé an roṫar. I gceann cúpla nóimead ḃí sé ag riṫ ar ais go Fine Gall i mbárr an anama.

Ḃí Úna 'na suiḋe ins an áit ċéadna ar ḃruaċ na fairrge. Níor ṁoṫuiġ sí ag teaċt é no go raiḃ sé le n-a cois. Ḃí rian na ndeor 'na súiliḃ, aċt nuair ċonnaic sí Caoiṁġín do rinne sí mion-ġáire.

“A ndearna tú dearmad ar rud éigin?” ar sise go sáṁ.

“Rinne,” ar seisean. “Rud beag deas—tusa féin.” Agus do ṡuiḋ sé síos le n-a taoiḃ agus do ċuir sé a láṁ le n-a muinéal.

[ 57 ]“'Seaḋ,” ar seisean. “Rinne mé dearmad ort-sa. Agus is beag nár imṫiġ an t-anam asam.”

“Is dóċa go gcaiṫfiḋ mé ḃeiṫ leat,” ar sise. “Níl leiġeas air. Is beag nár ḃris mo ċroiḋe ó ṡoin.”

Ḃí gaċ rud socruiġṫe aca i gcóir an ṗósta sul ar ṫángadar ar ais go tiġ an Ċanónaiġ.