Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/60

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

52

go mbéaḋ an-ċongnaṁ le fáġail ag an aṫair agus an ṁáṫair uaṫa. Aċt is doiliġ go leor a ḃí a saoġal san Oileán Úr ar feaḋ cúpla bliaḋan.

Níor ċuireadar i n-úil do Ċaoiṁġín go raḃadar ag imṫeaċt. Ḃí ḟios aca go maiṫ go mbéaḋ fearg agus brón air faoi a n-imṫeaċt, gioḋ naċ raiḃ—nó ċeapadar naċ raiḃ—sliġe beaṫaḋ le fáġail sa mbaile aca. Agus ċeap an t-aṫair agus an ṁáṫair go mb'ḟearr an sgéal a ṡéanaḋ air ċóṁ fada agus do b'ḟéidir leo é.

Ṫáinig iongnaḋ orṫa faoi nár sgríoḃ Caoiṁġín ċuċa aċt corr-uair tar éis an Oireaċtais. Annsin d' imṫiġ na míosa agus níor ṫáinig cúntas ar biṫ uaiḋ. Duḃairt sé rud éigin fá an “leaḃar” ar dtús, agus ṡaoileadar ar uairiḃ gurḃ é siúd an fáṫ faoi nár sgríoḃ sé. Ṁeasadar gur obair ṁillteaċ ṁór í, leaḃar do ċumaḋ agus do ċur le ċéile. Nuair ṫáinig na coṁarsana isteaċ san oiḋċe ḃí an-tráċt i dtaoiḃ an leaḃair aca.

“Béiḋ teine cnáṁ againn ċóṁ luaṫ i n-Éirinn agus a ṫiocfas an leaḃar amaċ,” ar Máirtín Gréasaiḋe. “Béiḋ Cluaintobair faoi ċlú ar fud na h-Éireann feasta. A leiṫéid de ġníoṁ ní ḋearna fear as Cluaintobair ó ḃí Áḋaṁ 'na ḃaitsiléar. Ag baint ṗrátaí agus ag déanaṁ bróg agus ag innsint sgéal—sin é ḃí Cluaintobair a ḋéanaṁ le sinnsearaiḃ. Anois is féidir le Cluaintobair a ráḋ—nó béiḋ, i gceann tamaillín—‘tá leaḃar déanta agam.’”

“Cé an saġas leaḃair é, a Lorcáin?” ar Seán Gaḃa. “'Mbéiḋ aon rud fá ṗiseoga nó fá ṫaiḋḃsí nó fá na síḋeoga ann?”

“Ní ḟeadar 'an tsaoġal, a Ṡeáin,” ar Lorcán. “Ní duḃairt Caoiṁġín aon rud 'na ṫaoiḃ aċt aṁáin go raiḃ sé d'á sgríoḃaḋ. Is fada ó duḃairt sé an méid sin, agus tá súil agam go ḃfuil an leaḃar críoċnuiġṫe anois.”

“Ná bí ag tráċt ar ṗiseoga ná ar ṫaiḋḃsí,” ar Máirtín. “Ní ar rudaí de'n tsórd sin a ḃéaḋ fear óg, léiġeannta ag tráċt 'na leaḃar. Ní ċuireann muinntir Ḃaile Áṫa Cliaṫ aon tsuim i bpiseoga, agus ní ḟacadar taiḋḃse ariaṁ.”

“Cá ḃfios duit náċ ḃfacadar?” ar Seán.

“Tá ḟios ag an saoġal naċ féidir le taiḋḃse dul ṫar uisge atá 'na riṫ,” ar Máirtín. “Tá uisge ag riṫ idir Cluaintobair agus Baile Áṫa Cliaṫ.”