An Crann Géagach/Slán agaibh, a Cháirde

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
An Crann Géagach by Pádraic Ó Conaire
Slán agaibh, a Cháirde
[ 79 ]
SLÁN AGAIBH A CHÁIRDE!

Ó tá an geimhreadh fuar, fliuch, cráidhte buailte linn anois, agus an samhradh sámh suaimhneach imthighthe, caithfidh mé slán fhágáil ag cuid mhór de mo shean-cháirdibh, míolta beaga na coille agus an uaignis agus an fhásaigh; agus caithfidh mé aghaidh thabhairt ar thighthibh teólaidhe agus a mbaineann leó, go mbeidh aimsir an fhuachta agus an tseaca thart.

Nach orm atá an cumha go bhfuil orm an sean-choiléar thréigeadh agus an chathair thabhairt orm féin! Leapthacha clúmhaighe, braithlíní míne geala, sonas agus sogha na cathrach—cé’n chaoi a bhféadfaidh mé a leithéidí chleachtadh agus an t‑achar fada chuireas dhíom lé trí ráite faoi spéartha neimhe?

A shean-choiléir, beidh cuimhne agam go deo na ndeór ort! Beidh cuimhne go deó agam ar na snadhmaibh daingne caradais rinneas le mo chomh-chréatúiribh agus mé ’mo chomhnaidhe san áit aoibhinn sin; beidh cuimhne go bruinn an bhrátha agam ar oidhcheannta réaltógacha chaitheas ann agus gan idir mé féin agus na spéartha uachtaracha acht pé brat nó sraith aéir atá thart ar an domhan seo againne. Agus níorbh fhada liom aon oidhche dhíobh cé go raibh mé go minic agus go rí-mhinic gan néal theacht ar mo shúilibh ó faoidhin go maidin; cé’n chaoi mbéadh agus na cáirde oidhche bhí agam ann? Nach ann chuir [ 80 ]mé aithne bheacht ar an iorruidh agus ar an easóig, ar an luch sgeiche agus ar an gcoinín beag bídeach faiteach? Chuir mé aithne orraibh a bhráithre ionmhuine chlúmhacha agus mé liom féin san sean-choiléar; chuir mé an aithne orraibh agus ar bhur nósa lae agus oidhche, agus má d’éirigh easaontas eadrainn sa deireadh thiar faoi ghadaidheacht na heasóige, cé agaibh cheapas gur orm-sa amháin bhí an locht?

Agus a threibheacha na n‑eite, caithfidh mé slán fhágáil agaibhse freisin agus buidheachas ghabháil libh uile, idir lucht ceóil agus lucht an bhéil druidthe faoi ar bhronn sibh orm i gcaitheamh na bliadhna atá imthighthe. Ná tógaidh ormsa é go bhfuil mé ’bhur dtréigeadh: faraoir géar dóighte nach bhfuil sé i gcumas an daonnaidhe an geimhreadh chur thart i bhfochair na gcáirde bhí aige le linn an tsamhraidh, acht bíodh is gur dual díbh an sgeach agus an tor agus an tom, téidheann an geimhreadh bagarthach cruaidh orraibh, a lucht na ngob agus na n‑eite!

Slán libh a cháirde go dtagaidh an t‑earrach arís, go mbeidh sé ’n‑a shamhraidh buidhe arís againn!

Agus éistighidh; cá bhfios nach ngoidfinn gráinne beag coirce ó fheilméara éigin ó am go ham le thabhairt chugaibh i gcaitheamh an gheimhridh....

* * *

Agus an t‑asal beag dubh féin: is dócha go gcaithfidh mé slán fhágáil agatsa freisin, a asail! Chugainn an geimhridh gáibhtheach agus ní [ 81 ]mó ná sásta bhéadh ceachtar againn ag taisdeal bóithre na Banban agus séasúr an tseaca agus na fearthainne ann. Beidh sgioból deas teólaidhe agad, a asail, go dtagaidh an t‑earrach arís. Ní bheidh fuacht ná ocras ortsa pé nídh bhéas orm féin....

Is cruaidh liom slán fhágáil ag an asal beag dubh sin, ar feadh tamaill féin. Ó’n gcéad lá ar leag mé súil, ar aonach Chinnmhara, agus tuirse bóthair agus conaire orm, thugas gean dó. Ní ar a dhath ná ar a mhéad, ní ar a shúil ní ar a chluasaibh gleóite ná ar a chosaibh beaga deasa thugas gean dó; ní ar lúth a cheithre gcos é acht oiread, mar ní raibh luas ná mire ag baint leis ariamh—acht ní shílim go bhféadfadh aon duine gan bheith geanamhail air, ar a “phearsanacht” amháin! Mheallfadh sé an croidhe ó ridire na gcorcán mbrisde féin!

Acht slán leat anois a chara go dtagaidh an t‑earrach arís, go dtógfaidh sinn seólta, go mbuailfidh sinn amach faoi mhachairí na bhfothanán!

Tá cáirde agam seachas na míolta atá luaidhte agam. Tá cáirde daonna agam freisin nach gcastar liom acht amuigh i mbéal an uaignis. Agus mo mhairg! caithfidh mé slán fhágáil ag cuid díobh sin mar an gcéadna.

Ní raibh sé d’uain agam aon trácht mór dhéanamh sa leabhrán seo ar Sheán agus ar Pheadar agus ar Shéamus—triúr malrach castaoi liom gach maidin agus mé liom féin sa gcoill. Ní bhíodh sé d’uain aca mórán moille dhéanamh liom mar bhíodh orra imtheacht ar a saothar lae le páidhe sholáthar dá muinntir, acht beidh cuimhne [ 82 ]agam, go séalaidh an t‑anam uaim, ar an bhfleidh aoibhinn chaitheamar le chéile i lúb na coille craobhaighe. An spóirt bhíodh againn ann! Na sgéalta d’innsigheadh sinn dá chéile faoi bhun an chrainn!

Tá glór an sgéaluidhe óig ’mo chluasa anois féin agus é ag innseacht dúinn faoi’n lorgadán:

“Aingeal bhí ann i dtosach...” chidhim a shúile beodha soillseacha agus é ag rádh na bhfocal, “aingeal bhí ann... aingeal rinne troid i n‑aghaidh Dé... acht níor caitheadh isteach ar leacraibh Ifrinn é... níor caitheadh, mar rinne sé gníomh mór uasal éigin i bhfad roimhe sin: agus de bhárr an ghnímh sin, tugadh cead dó comhnaidhe dhéanamh i gceithre áit i nÉirinn...”

Agus an t‑easbaidh creidimh bhí ar dhuine eile aca! Cé’n chaoi ’bhféadfadh a leithéid bheith ann nuair nach bhfaca sé féin ariamh é! Tomás an leas-ainm bhéas agam ar an stócach sin nuair casfar le chéile arís sinn...

Acht slán agaibh a cháirde óga daonna go bhfillidh an t‑earrach arís!

* * *

A ridire bóthair an féidir nach bhfeicfidh mé arís thú go ceann ceithre mhí? Is eól dom gur féidir go mbuailfear ar a chéile sinn istigh i lár na cathrach; acht, ár ndóigh tá fhios ag aon duine go bhfuil breitheamhnas ná cruinneas ag baint leis nach mar a chéile an ridire bóthair d’fheicfidhe ó ám go hám san gcathair agus an preabaire groidhe chítear ag déanamh slighe agus [ 83 ]saoghail dó féin faoi’n bhfásach. Le aithne cheart chur ar do nósa agus ar do thréithre a ridire na mbóithre, ní mór do dhuine cuid dá shaoghal chaitheamh leat amuigh i mbéal an uaignis...

A chlanna uaisle bhóithrí na Banban fágaim slán agaibh go ceann sgathaimh bhig go nglanfaid na spéartha, go n‑imtheóchaidh an geimhreadh gáibhtheach seo, go dtagaidh an samhraidh buidhe brothallach, go mbeidh sé ’n‑a shamhraidh shámh shuaimhneach againn go deó arís i nÉirinn.