mé aithne bheacht ar an iorruidh agus ar an easóig, ar an luch sgeiche agus ar an gcoinín beag bídeach faiteach? Chuir mé aithne orraibh a bhráithre ionmhuine chlúmhacha agus mé liom féin san sean-choiléar; chuir mé an aithne orraibh agus ar bhur nósa lae agus oidhche, agus má d’éirigh easaontas eadrainn sa deireadh thiar faoi ghadaidheacht na heasóige, cé agaibh cheapas gur orm-sa amháin bhí an locht?
Agus a threibheacha na n‑eite, caithfidh mé slán fhágáil agaibhse freisin agus buidheachas ghabháil libh uile, idir lucht ceóil agus lucht an bhéil druidthe faoi ar bhronn sibh orm i gcaitheamh na bliadhna atá imthighthe. Ná tógaidh ormsa é go bhfuil mé ’bhur dtréigeadh: faraoir géar dóighte nach bhfuil sé i gcumas an daonnaidhe an geimhreadh chur thart i bhfochair na gcáirde bhí aige le linn an tsamhraidh, acht bíodh is gur dual díbh an sgeach agus an tor agus an tom, téidheann an geimhreadh bagarthach cruaidh orraibh, a lucht na ngob agus na n‑eite!
Slán libh a cháirde go dtagaidh an t‑earrach arís, go mbeidh sé ’n‑a shamhraidh buidhe arís againn!
Agus éistighidh; cá bhfios nach ngoidfinn gráinne beag coirce ó fheilméara éigin ó am go ham le thabhairt chugaibh i gcaitheamh an gheimhridh....
* * *
Agus an t‑asal beag dubh féin: is dócha go gcaithfidh mé slán fhágáil agatsa freisin, a asail! Chugainn an geimhridh gáibhtheach agus ní