This page has been proofread.
saoghail dó féin faoi’n bhfásach. Le aithne cheart chur ar do nósa agus ar do thréithre a ridire na mbóithre, ní mór do dhuine cuid dá shaoghal chaitheamh leat amuigh i mbéal an uaignis...
A chlanna uaisle bhóithrí na Banban fágaim slán agaibh go ceann sgathaimh bhig go nglanfaid na spéartha, go n-imtheóchaidh an geimhreadh gáibhtheach seo, go dtagaidh an samhraidh buidhe brothallach, go mbeidh sé ’n-a shamhraidh shámh shuaimhneach againn go deó arís i nÉirinn.