Aesop a tháinig go h-Éirinn/Na Frogana a’ Lorg Rígh

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Aesop a tháinig go h-Éirinn by Aesop, translated by Peadar Ua Laoghaire
Na Frogana a’ Lorg Rígh
[ 8 ]

8.—NA FROGANA A’ LORG RÍĠ.


Ḃí loċ breáġ mór fairsing i lár maċaire, agus é lán ó ṫaoḃ taoḃ d’ḟroganaiḃ. Frogana breáġṫa sleaṁne beaṫuiġṫe b’ eaḋ iad. Ḃí cuid acu mór agus cuid acu beag, cuid acu óg agus cuid acu críona, cuid acu buíḋe agus cuid acu crón. Aċt beag agus mór dóiḃ, buíḋe agus crón dóiḃ, óg agus críona ḋóiḃ, ní raiḃ oiread agus aon ḟrog aṁáin acu go raiḃ buairt ná brón ná easba sláinte air. Ní raiḃ de ġnó ná d’ obair ná de ċúram orṫa, ó ṁaidin go h-oíḋċe aċt ḃeiṫ ag snáṁ anonn ’s anall tríd an uisge, nó ag caiṫeaṁ trí léim táiliúra de ḋruim aċéile, nó ’gá n-iomlosg féin sa ġlóṫaig. Dar leó níor deineaḋ ceól síġe riaṁ ba ḃreáġṫa ’ná an ceól a ḃioḋ acu agus iad ag crónán agus ag cnádán agus ag cneadaig, mór ṫímpal an loċa. Do cluintí an dórd seaċt n-acra ó’n loċ, i dtreó, nuair ḃíoḋ an mada ruaḋ nó an giorḟiaḋ ag teaċt aḃaile ó’n ḃfiaḋaċ go stadaidís tamal ag éisteaċt leis an ḃfoġar mbreáġ.

Dá ḟeaḃas a ḃí an saoġal acu ní raḃdar sásta. Ṫuigeadar na n-aigne go raiḃ aon easnaṁ aṁáin orṫa agus ná raiḃ maiṫ ar biṫ i n-aon níḋ d’á raiḃ acu muna leiġisfí an t-easnaṁ san dóiḃ.

B’é easnaṁ é sin ’ná iad do ḃeiṫ gan ríġ os a gcionn. “Is truaġ,” ar siad, “gan ríġ uasal os ár gcionn, agus é ’na ṡuiġe ’na ċaṫaoír ríoga, agus a ċoróinn ríoga ar a ċeann aige, agus é ag déanaṁ dliġṫe agus riaġalta ḋúinn!”

Isé Iupiter do ḋéineaḋ agus do ḃriseaḋ ríġṫe sa n-am san. Ṫiomáineadar teaċtaireaċt ag trial ar Iupiter ’ġá iaraiḋ air ríġ ṫaḃairt dóiḃ. “Imṫiġ,” arsa Iupiter le n-a ġiolla, “agus taḃair ríġ ḋóiḃ siúd.” “Cad é an ríġ a ṫaḃarfad dóiḃ?” arsan giolla. “Déanfaiḋ sail ṁaiṫ ṁór ġiúise a ngnó,” arsa Iupiter.

D’imṫig an giolla agus d’aimsiġ sé sail ṁór ġiúise agus ṫug sé leis í agus ċaiṫ sé ċúċa isteaċ í, i lár an loċa. Nuair ṫuit an tsail sa loċ do steallaḋ an t-uisge sa spéir agus do baineaḋ a leiṫéid sin de ġeit as na froganaiḃ gur ṡáḋadar iad féin d’aon tsáḋ aṁáin síos ins a’ draoíḃ a ḃí i mbun an loċa, agus ná raiḃ gíocs ná míocs asta go ceann aḃfad.

Fé ḋeire, nuair nár airiġeadar a ṫuille foṫraim, do ṫóg frog acu a ċeann agus d’ḟeuċ sé suas. Ḃí an tsail ansúd sínte ar bár uisge agus gan cor ná leid aici dá ċur dí. Do ġlaoiḋ an frog san láiṫreaċ ar an gcuid eile. “Éiríg,” ar seisean, ”agus téanam go ḃfeiceam an ríġ!”

D’eiríġdar, go maol agus go moḋṁail ar dtúis. Ṫánadar go réiḋ i dtreó na saile. Do ṡnáṁdar ’na tímpal agus fan a ḋá taoḃ síos agus suas. Ansan do ṡnáṁdar treasna fúiṫi anonn agus anall. Níor ċuir sí cor dí, níḋ náċ iongna. Ba ġearr gur ċuadar i ndánaċt. Ba ġearr gur léim frog acu anáirde [ 9 ]uirṫi. Ba ġearr go raḃdar anáirde uirṫi ’na ḃfiċidiḃ. Níor ċuir sise cor dí.

“Aċ!” ar siad, “ní’l sa ríġ seo aċt ríġ gan ṁaiṫ!”

Ṫiomáineadar teaċtaireaċt eile ag trial ar Iupiter ’ġá iaraiḋ air ríġ do ċur ċúċa "go mbéaḋ gníoṁ ann."

“Imṫiġ,” arsa Iupiter le n-a ġiolla, “agus taḃair dóiḃ siúd ríġ go mbéiḋ gníoṁ ann.”

D’imṫiġ an giolla agus ṫug sé leis aṫair níṁe, áraċtaíḋe do ṗéist ṁór ċraosaċ, agus ċaiṫ sé sa loċ ċúċa an ṗiast. Ní túisge ṫúirling an ṗiast sa lóċ ’ná ġluais sí i ndiaiġ na ḃfrogana ’ġá n-iṫe ar a díṫċioll.

Do liúġdar ar Iupiter an ṗiast do ṫógáilt uaṫa. “B’ḟéidir,” arsa Iupiter, “dá olcas é go dtiocfaḋ ríġ ba ṁeasa ’ná é ’na ḋiaiġ ċúġaiḃ.”

“A!” ar siad. “Is truaġ ċráiḋte nár ḟanamair mar ḃí againn ar dtúis. Is maiṫ is cuíṁin linn a ḟeaḃas a ḃí an saoġal againn!”

“An t-é ná béiḋ ciall aige béiḋ cuíṁne aige,” arsa Iupiter leó.